Eileen Gleeson ceaptha mar bhainisteoir ar fhoireann sacair ban na hÉireann


Tá sé fógartha gurb í Eileen Gleeson atá ceaptha mar bhainisteoir ar fhoireann sacair ban na hÉireann.
Dúirt sí gur seo an tríú uair a ndéarna sí iarracht an post a fháil. Fuair Colin Bell an jab i 2017 agus Vera Pauw ina dhiadh ach is í Gleeson a bhí ina bhainisteoir eatramhach ar an bhfoireann ó tháinig deireadh le conradh Pauw ag deireadh mhí Lúnasa.
Chaith Gleeson seal mar leasbhainisteoir le linn Chorn an Domhain 2023. Beidh Gleeson i gceannas ar an bhfoireann agus iad sa tór ar a bheith cáilithe do Chraobh na hEorpa 2025.