Éigse Sheagháin Bháin Mhic Meanman ar siúl i mBaile na Finne

placeholder image

Beidh Éigse Sheagháin Bháin Mhic Meanman ar siúl i mBaile na Finne ón 17ú – 19ú Samhain, 2023.

Dhéanfaí Oifigeach Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir an oscailt oifigiúil Dé hAoine san Áras ar 8.30 i.n.

Beidh léacht na hÉigse ina dhiaidh sin dar teideal “Teanga, Dúchas agus Nádúr i scríbhinní Sheagháin

Bháin Mhic Meanman” le Donnchadh Ó Baoill ó Údarás na Gaeltachta.

Seolfaidh Donnchadh Ó Baoill an leabhar “Na Cruacha Gorma, Inné agus Inniu” leis an tSagart Pádraig S. Ó Baoighill i ndiaidh na léachta.

Beidh Oíche Cheoil agus Siamsaíochta Oíche Shatharn san Áras ag toiseacht ar a 9 a chlog. Beidh Fergas Mac Aoidh mar fhear a’ tí.

Beidh Aifreann na hÉigse á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Dé Domhnaigh ar an

11rn.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice