Eagraíochtaí ag iarraidh ar an Rialtas an pinsean a mhéadú
Deir muintir an ceardchumainn go bhfuil daoine ag streacháilt agus beo bocht
Tá feachtas úr a seoladh inniu ag iarraidh ar an Rialtas cloí lena ghealltanas ráta pinsin Stáit de 34% den mheántuilleamh a thabhairt isteach.
Tá baint ag an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil, Comhairle Náisiúnta na mBan, Age Action, Active Retirement Ireland agus baill de Pharlaimint na Seanóirí leis an bhfeachtas ‘Pension Promise Campaign.’
Deir na grúpaí go gciallódh an athrú méadú de €53 sa tseachtain ar an phinsin.
Tá siad ag iarraidh ar an Rialtas iarracht a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar an mhéid daoine atá ag fulaingt ó bhochtaineacht de bharr ráta an phinsin in Éirinn.
Dúirt Leas-Ard-Rúnaí an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil, Ethel Buckley, go bhfuil sé deacair ag daoine atá níos sine a gcuid billí tí a íoc nó gnath rudaí a cheannacht de bharr go bhfuil siad beo bocht.