Dúirt Amanda Brunker gur áit dhraíochtach atá i nDún na nGall agus gur mhían léi pilleadh

An spéirbhean Amanda Brunkerplaceholder image
An spéirbhean Amanda Brunker

Dar le Amanda Brunker gur mór an truaighe nach bhfuil níos mó áiteanna timpearll uirthí leis an Ghaeilge á chleachtú agus á labhairt

Dúirt Amanda Brunker gur bhain sí sult ollmhór as an am a chaith sí i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste ag foghlaim na Gaeilge leis an clár Réaltaí na Gaeltachta. 

I sraith úr de chuid RTÉ, Réaltaí na Gaeltachta, cuireadh cúigear a bhfuil aithne mhór orthu chuig coláiste Gaeilge Choláiste Bhríde i Rann na Feirste i nDún na nGall le haghaidh a thabhairt ar dhúshlán an Ghaeilge a fhoghlaim arís. Chaith Des Cahill, Craoltóir Spóirt, Amanda Brunker, scríbhneoir, Fred Cooke, fuirseoir, Oisín Mullin peileadóir CLG as Maigh Eo a imríonn Peil na hAstráile anois agus Lauren Whelan an réalta TikTok seachtain amháin ina gcónaí le Bean an Tí agus ag dul chuig na ranganna agus na céilithe agus ag déanamh obair bhaile, díreach mar a dhéanfadh scoláirí cearta.

Dúirt Amanda Brunker gur bhfearr léi páirt a ghlacfadh sa chlár seo nó seans a fháil an Late, Late a chur i láthair. Dúirt sí gur bhain draíocht leis an chontae agus go raibh daoine galántacha ina gconaí ann.

Ag tarraingt ar Dhún na nGall i dtús baire - d'admhaigh an réalt go raibh beag uchtach uirthí mar gur bheag Gaeilge a bhí ina pluc ach i ndiaidh pilleadh ar thobar na Gaeltachta bhí sí ábalta comhra a dhéanamh le daoine. Dúirt sí go raibh mhuintir na Gaeltachta iontach lách léi agus go dtug siad cuidiú agus tacaíocht iontach dí. 

Is mór an éifeacht a bhí ag a Bean an Tí, Maighréad Mhic Grianna uirthí agus tá an bheirt ina gcairde dlúithe agus bíonn siad ag cur teachtaireachtaí chuig a chéile ar na meáin shosíalta. 

Dar léi gur mór an truaighe é nach bhfuil tuilleadh pocaí thárt timpeall uirthí ina bhfeadfadh léi an teanga a chleachtfadh agus a labhairt. Is olc an taithí a bhí ag Amanda ar scoil, a deir sí. Tá suim agus grá aici sa Ghaeilge agus is bean bródúil Éireannach í atá meas aici ar oidhreacht agus ar chultúr na tíre. 

Chonacthas do Amanda go bhfuil sé ró fhada ó bhí sí nDún na nGall ach tá rún aici pilleadh ar Rann na Feirste agus ar oileán Ghabhla. 

"Is truaighe liom nach bhfuair mé an deis oíche a chaitheamh ar oileán Ghabhla," ar sí. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice