Duaiseanna liteartha bronnta ag Oireachtas na Gaeilge


Tá tús ceart curtha le Oireachtas na Gaeilge
Sheol Uachtarán an Oireachtais, an Dr. Gearóid Denvir Príomhfhéile Náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna 2023 in Óstán Brehon, Cill Airne, Co. Chiarraí ar na mallaibh.
Leanfaidh an fhéile ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh seo chugainn. Tá clár spleodrach ildánach le cur os chomhair phobal na Gaeilge agus Gaeltachta i mbliana le go leor imeachtaí faoi lán seoil.
Rinne An tOireachtas ceiliúradh ar shaothair nuascríofa Gaeilge agus bhronn Uachtarán an Oireachtais duaiseanna ar bhuaiteoirí Chomórtas Liteartha 2023, sraith comórtais a shíneann siar chomh fada le 1897 nuair a chéadbunaíodh An tOireachtas.
Bronnadh 37 duais ar fad, duaischiste iomlán de €30,000. I measc na nduaiseoirí móra bhí Colm Ó Ceallacháin ar bronnadh Buaicshaothar próis na bliana, urraithe ag TG4 agus €3,000 chomh maith leis an gcéad duais sa chomórtas úrscéal liteartha agus €3,000 air dá shaothar sarmholta, Fiche.
Is iad Páid Ó Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin a bhuaigh an duais don úrscéal do dhaoine óga, €2,000 dá saothar, ‘Nois Tá’s Agam agus Antain Mac Lochlainn a bhuaigh an duais €2,000 don Éanna Corr.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na scríbhneoirí ar fad ar bronnadh duaiseanna liteartha orthu”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Is léiriú é caighdeán na saothar ar an mborradh atá faoin scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge i measc an uile aoisghrúpa.”
I measc na mórócáidí eile a bhí ar siúl bhí Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2023 san INEC, Cill Airne, Co. Chiarraí. D'éirigh le Colm Mac Giolla Easbuic réalt óg na bliana a bhaint.
Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile na féile ar fáil ar láithreán gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie nó ar aip na féile ón Appstore nó Google Playstore.