Duais €100 le baint ag daoine le linn na féile An Focal Beo
Beidh go leor craic ag daoine a ghlacann páirt i dtóraíocht taisce
Tapaigh an deis tóraíocht taisce a dhéanamh agus thiocfadh leat a bheith san iomaíocht chun duais €100 a bhaint. Le linn na féile An Focal Beo, beidh 16 póstaer ar taispeáint i bhfuinneoga siopaí éagsúla ar fud bhaile Leitir Ceanainn - an t-ionad siopadóireachta, ar an phríomhshráid agus áiteanna eile idir 2 agus 13 Bealtaine.
Beidh línte filíochta ó Sam Ó Fearraigh, Máire Dinny Wren, Eithne Ní Ghallchobhair nó Dubhán Ó Longáin orthu agus iad curtha i gcló ar bhoird.
Agus anois, seo an dúshlán – aimsigh gach aon phóstaer, ná déan dearmad go bhfuil 16 le haimsiú, agus coinnigh taifead ar an líne fhilíochta agus ainm an siopa ina bhfuil sé. Cuir ríomhphost isteach chuig [email protected] leis an eolas sin - an líne fhilíochta agus ainm an tsiopa do gach aon póstaer.
Cuirfear sonraí na ndaoine a bhfuil 16 póstaer aimsithe acu isteach i gcrannchur agus beidh duais €100 (dearbhán) le baint ag duine amháin. Coimhéad, ní bhaineann an comórtas seo ach amháin leis na póstaeir ar mhéid A2 i bhfuinneoga na siopaí. Chun cuidiú leat iad a aimsiú coinnigh súil ar mheáin shóisialta Líonra Leitir Ceanainn áit a mbeidh leideanna ar fáil faoi na siopaí ina bhfuil na póstaeir.
Beidh cód QR ar gach aon phóstaer agus ní gá ach scanadh a dhéanamh air sin agus tiocfaidh tú go suíomh gréasáin Líonra Leitir Ceanainn áit a bhfuil an dán iomlán ar fáil.