Droch scéala faighte ag Rónán Mac Aodh Bhuí ach táthar ag súil le dóchas i Meiriceá

Rónán Mac Aodh Bhuíplaceholder image
Rónán Mac Aodh Bhuí

Coinneoidh Rónán, ag troid leis, le bhur dtacaíocht -dorn san aer do Rónán

D'ainneoin go bhfuil an chraoltóir Rónán Mac Aodh Bhuí droch scéala ar na mallaibh maidir leis an ailse táthar dóchasach go bhfuil triail Cliniciúil Céim 2 i Meiriceá a thabharfadh seans maireachtála dó. 

Tuigtear go bhfuil costas do €180,000 ar a laghad leis na cóireálacha seo. 

An tseachtain seo caite, fuair Rónán droch scéala óna oinceolaí. Dúradh go bhfuil na cnapáin san ae tar éis dúbailt i méid, agus go bhfuil tuilleadh cnapáin tagtha san ae agus sna scamhóga. Dúradh leis fosta, nach bhfuil na drugaí chemo a bhí sé air le tamall fada, ag oibriú níos mó.  

Ghabhadh cairde agus teaghlach Rónáin míle buíochas díofa seo atá i ndiaidh tacú leis ar dhóigh ar bith. Tugadh buíochas díofa seo á d’eagraigh imeachtaí agus a bhí páirteach sna ceolchoirmeacha éagsúla i nGaoth Dobhair, Oileán Thoraigh, Gort a Coirce, Rath Cairn agus i Muineachán. Tugadh buíochas díofa seo uilig a thug síntiús do Chiste Tacaíochta Rónáin agus é ag iarraidh lámh in uachtar a fháil ar an ailse. 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an fheachtas ag an seoladh ríomhphoist: [email protected]

Is féidir cur le ciste tacaíochta Rónáin anseo.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice