Deontais os cionn €400,000 ceadaithe do dhá thogra pobail i gCo na Gaillimhe

placeholder image

Tá sé i gceist ag Comharchumann Mhic Dara an pháirc spraoi ar an gCeathrú Rua a fhorbairt

Tá deontas suas le €351,758, nó 80% den chostas iomlán, ceadaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta Patrick O’Donovan TD do Choiste Pobail na Minna in Indreabhán le cur ar a gcumas athchóiriú a dhéanamh ar Ionad Pobail na Minna.

Ina theannta sin, tá deontas de €66,063, nó 80% den chostas iomlán, ceadaithe ag an Aire do Chomharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua chun uasghrádú a dhéanamh ar Pháirc Spraoi na Ceathrún Rua.  

 

Tabharfaidh an tAire O’Donovan cuairt ar Ionad Pobail na Minna i gConamara an Aoine seo. 

Tá Ionad Pobail na Minna lárnach do raon leathan imeachtaí pobail sa cheantar, réimse leathan ranganna agus imeachtaí sóisialta san áireamh, agus is ann a bhíonn an coláiste samhraidh Gaeilge lonnaithe ó mhí an Mheithimh go dtí deireadh mhí Lúnasa.  Is trí Ghaeilge a reáchtáiltear na gníomhaíochtaí ar fad san ionad. Rachaidh an maoiniú i dtreo obair athchóirithe ar an ionad.  

Tá sé i gceist ag Comharchumann Mhic Dara an pháirc spraoi ar an gCeathrú Rua a fhorbairt, agus breis trealaimh a chur ar fáil ionas go mbeidh an áis seo in oiriúint don phobal ar fad.

Tá na deontais seo ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne. 

Ag fógairt na ndeontas dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Patrick O’Donovan: "Cuirfidh na deontais ar chumas an na n-eagraíochtaí seo tabhairt faoi obair riachtanach athchóirithe agus uasghrádaithe. I gcás Ionad Pobail na Minna, cinnteoidh sé seo go bhfanfaidh an foirgneamh ag feidhmiú go ceann blianta amach romhainn agus cabhróidh sé leo leanúint ar aghaidh ag freastal ar an bpobal agus ar an teanga."

"Don Cheathrú Rua, cuirfear leis na háiseanna atá ann cheana féin, áit a dtiocfaidh pobal na háite, idir óg agus aosta, le chéile i dtimpeallacht spraíúil.  Tá deiseanna spóirt agus spraoi mar bhunriachtanais i ngach ceantar, ní hamháin d’fhorbairt infreastruchtúir ach d’fhorbairt shóisialta agus chognaíoch an ghlúin óig agus cuirfidh an áis seo go mór leis an gcuspóir sin. Is faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne atá an cúnamh seo á chur ar fáil."

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga atá na deontais seo á gceadú.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice