Déantar scrúdú ar dhomhan an Chumannachais in Éirinn i gclár TG4
Craolfar Reds na hÉireann ar TG4 agus beidh sé ar fáil ar sheinnteoir TG4 ón 24 Bealtaine ag 9.30pm
Tá ríméad ar TG4 agus PushPull Media léiriú cláir faisnéise nua Reds na hÉireann a fhógairt ina ndéantar scrúdú ar dhomhan an Chumannachais in Éirinn agus titim an Aontais Shóivéadaigh sa bhliain 1991.
In ainneoin spleáchas stairiúil na hÉireann ar Mheiriceá mar threoir agus an chléir chumhachtach ar an eite dheas a bhí ag Éirinn, tháinig domhan suimiúil gníomhaíochais agus polaitíochta de chuid na heite clé chun cinn in Éirinn le linn an ama sin. Chuaigh na céadta Cumannaithe as Éirinn chuig an Aontas Sóivéadach agus chuig stáit satailíte na tíre sin ar thóir útóipe oibrí.
Trí agallaimh a dhéanamh le Seanchumannaithe as Éirinn, tabharfaidh Reds na hÉireann an lucht féachana ar ais chuig tráth nuair is cosúil go raibh gach deis ann chun léargas domhain a thabhairt ar dhomhan achrainn agus comrádaíochta nár chualathas faoi roimhe seo. Tá spiorad agus fuinneamh go leor dá gcuid ábhar agallaimh le feiceáil sa chlár de réir mar a leanann muid a n-aistir faoi seach ón gClochar, Ceardchumainn agus Poblachtachas Míleatach aus an Cumannachas.
Cloisfidh an lucht féachana cur síos pearsanta ar an bhfiántas agus ar an obair eagrúcháin a bhí ar bun don Réabhlóid nár tharla riamh. Cuirfear an lucht féachana ar an eolas faoi halla lán ó chúl go doras de chomhaltaí ó Chraobh Iarthar Bhéal Feirste do Chruinniú an Pháirtí Chumannaigh sa bhliain 1981 - fíorspás neamh-seicteach i lár coimhlint sheicteach.
Agus an scannán á chur le chéile, is taisce é de cheol ón aois sin agus de phictiúir chartlainne nach bhfacthas riamh cheana a bhfuil stíl agus earraí inbhailithe an ama sin cuimsithe ann.
Ní hamháin gur scéal é Reds na hÉireann fúthu sin a bhí ann ag an am ach is scéal é freisin fúthu sin sa lá atá ann inniu; Cén chaoi a bhfuil duine in ann coinneáil air tar éis 40 bliain de ghníomhaíochas polaitíochta nuair a d’fhéadfaí a rá go bhfuil muid anois níos faide ó útóipe na heite clé a bhí geallta ná mar a bhí muid riamh? Is scéal stairiúil nár insíodh riamh é seo nach mór d’aon duine a bhfuil suim acu i ndomhan fuinniúil suimiúil ghníomhaíochas agus pholaitíocht na hÉireann a fheiceáil.
Craolfar Reds na hÉireann ar TG4 agus beidh sé ar fáil ar sheinnteoir TG4 ón 24 Bealtaine ag 9.30pm.