Déanfear ceann de mhór-fhillí ár linne a phlé sa mhionshraith raidió An Ríordánach

There's still time to enter the Patrick Kavanagh  Poetry Awardplaceholder image
There's still time to enter the Patrick Kavanagh Poetry Award

I measc na n-aíonna a bheidh le cloisteáil sa tsraith seo, beidh Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Breandán Feiritéar, Cian Ó hÉigeartaigh, Caitlín Nic Íomhair agus Ríona Ní Churtáin.   

Ar Luan Cásca ag 2.05 pm, cuirfear tús leis an mhionshraith raidió An Ríordánach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, sraith trí chlár le Marcus Mac Conghail faoi ghnéithe de shaol agus de shaothar Sheáin Uí Ríordáin, duine de mhór-fhilí ár linne, a rugadh i mBaile Mhuirne i 1916.   

Ba sa bhliain 1952 a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill an chéad chnuasach filíochta de chuid an Ríórdánaigh, Eireaball Spideoige.  Foilsíodh go leor léirmheasanna agus tuairimíocht ar an leabhar ag an am, ó leithéidí Brendan Behan, Patrick Kavanagh, agus Máirtín Ó Direáin agus Máire Mhac an tSaoi, agus sa chéad chlár sa tsraith An Ríordánach ar Luan Cásca ag 2.05 pm, cloisfimid cur síos agus plé ar an gconspóid mhór sin.  Níl aon leabhar filíochta i nGaeilge ná i mBéarla is mó a tharraing caint agus conspóid le seachtó bliain anuas, agus ghoill sé go mór ar an bhfile.   

Sa dara clár sa tsraith Dé Máirt ag 2.05 pm beidh cur síos ar na dánta sa chnuasach Eireaball Spideoige agus sa chlár deireanach Dé Céadaoin gheobhaidh muid léargas ar Sheán Ó Ríordáin mar dhuine. Cuirfimid aithne air, ar a chuid fealsúnachta, agus díreofar ar a shaothar próis freisin.   

I measc na n-aíonna a bheidh le cloisteáil sa tsraith seo, beidh Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Breandán Feiritéar, Cian Ó hÉigeartaigh, Caitlín Nic Íomhair agus Ríona Ní Churtáin.   

Is féidir éisteacht leis na cláracha beo, nó éisteacht siar leo ag www.rte.ie/rnag 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice