Déanann scoileanna éachtaí a cheiliúradh ag Searmanas Ceiliúrtha náisiúnta Spraoi

Craoltóir Aindriú de Paor,RTÉ2fm, i láthair don Spraoi
Bronnadh duaiseanna ar dhaltaí ó iar-bhunscoileanna ar fud na hÉireann a chruthaigh rapaí, a scríobh lúibíní inspioráideacha agus a chum seanfhocail nua ag searmanas bronnta duaiseanna náisiúnta a reáchtáladh ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann inniu mar chuid d’fheachtas Spraoi chun an Ghaeilge a neartú agus a chothú.
Bhí Ambasadóir Spraoi23, láithreoir RTE 2FM, Aindriú de Paor i dteannta scoláirí agus baill foirne ó scoileanna i nGaillimh, Baile Átha Cliath, Luimneach, Dún na nGall, Tiobraid Árann, an Iarmhí agus an Mhí mar bhuaicphointe an fheachtais a léirigh cruthaitheacht trí Ghaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Béarla trí chomórtais ar nós Blag na Bliana, Bua na Cainte agus Rap’N’Ról.
Dúirt Paddy Lavelle, Ard-Rúnaí, ETBI: “D’éirigh thar barr le Spraoi’23, ag gabháil do shamhlaíocht daoine ó gach cearn den saol agus ag cur béime ar ábharthacht na Gaeilge agus an chultúir sa tsochaí
chomhaimseartha. Tá an-áthas ar ETBI an ócáid seo a óstáil a dhéanann ceiliúradh ar iarrachtaí sármhaithe na scoileanna agus na scoláirí seo agus atá mar theist ar thábhacht leanúnach na Gaeilge inár sochaí."
Dúirt Oifigeach um Bheartas agus Fhorbairt Oideachais ETBI agus Comhordaitheoir Spraoi’23, Gean Gilger: “Bhí an-áthas orainn dul i gcomhpháirtíocht leis An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) don tionscnamh seo agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as a bhflaithiúlacht agus iad ag tabhairt urraíochta do na duaiseanna don fheachtas seo, Spraoi'23. Tá a fhios agam go bhfeiceann COGG, cosúil le ETBI, fiúntas suntasach le spreagadh agus tacaíocht a
thabhairt do scoileanna agus do dhaltaí dul i ngleic leis an nGaeilge mar theanga bheo laistigh agus lasmuigh den seomra ranga. Spreag Spraoi'23 scoláirí chun glacadh lenár dteanga ar bhealaí nuálaíocha agus bríocha. Tá lúcháir orainn inniu aitheantas a thabhairt d’éachtaí na ndaoine sin a léirigh díograis agus paisean don Ghaeilge.”