Déagóir maraithe i dtimpiste bóthair i Luimneach


Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a chonaic an eachtra dhul i dteagmháil leo
Maraíodh girseach sna déaga i dtimpiste bóthair i Luimneach.
Bhuail carr an cailin agus í ag siúl sa chathair roimh an mheán oíche, aréir.
Tá scrúdú a dhéanamh ag foireann dlí-eolaíochta na gardaí ar an láthair agus táthar ag iarraidh ar dhaoine a chonaic an timpiste teagmháil a dhéanamh leo.