Dara séasúr den tsraith theilifíse cheoil Cumasc ar fáil ar sheinnteoir TG4

Pauline Scanlon, Caoimhe Hopkinson, and Austin Walkin' Cane | PICTIÚR: Jono Margettsplaceholder image
Pauline Scanlon, Caoimhe Hopkinson, and Austin Walkin' Cane | PICTIÚR: Jono Margetts

Is sraith é a ligeann dúinn taithí a fháil ar an nasc cruthaitheach a bhaineann le comhar ceoil

Tá Sraith 2 den chlár ceoil i gcomhar, Cumasc le fáil anois ar sheinnteoir TG4 ó Black Gate Productions.

Sa tsraith tá comhoibriú álainn le feiceáil ar fud 12 chlár a ndearnadh an scannánú orthu i gcroílár chathair na Gaillimhe, agus measctar scannánaíocht álainn ó cheolchoirmeacha le hagallaimh agus cláracha faisnéise breathnaitheacha pearsanta. 

Tá fuinneamh cruthaitheach ag croílár Cumasc agus bíonn draíocht i gceist le gach clár agus muid ag féachaint ar na ceoltóirí agus iad ag forbairt ceol nua le chéile. 

Tá ceoltóirí Éireannacha agus Idirnáisiúnta araon páirteach sa chlár amhail: Iarla Ó Lionáird, Cormac McCarthy, Matthew Berrill, Zoë Conway, Renaud Garcia-Fons, Róisin Chambers, Casper Clausen, Susan O'Neill & Phil Christie, Olesya Zdorovetska, Rónán Ó Snodaigh, Myles O’ Reilly, Brìghde Chaimbeul, Jack Talty, Naomi Berrill, Molly O’Mahony, Niamh Regan & Caoimhín Ó Raghallaigh, Pauline Scanlon, Caoimhe Hopkinson, Austin Walkin’ Cane, Róis, Eoghan Ó Ceannabháin, Saileog Ní Cheannabháin & John Francis Flynn, Ríoghnach Connolly, Sidiki Dembélé agus Shunya.

Is sraith é Cumasc a ligeann dúinn taithí a fháil ar an nasc cruthaitheach a bhaineann le comhar ceoil trí muid a thabhairt chuig croílár na n-amanna cumhachtacha sin nuair a bhíonn cumadh agus samhlaíocht i gceist.

Is léiriú grámhar é seo ar ní hamháin na traidisiúin cheoil a roinntear ar fud teorainneacha agus aigéan ach ar an gcumas gan teorainn atá ag an sprid chruthaitheach. 

Féach ar an tsraith tríd an nasc seo.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice