Cumann Naomh Uinseann de Pól ag lorg dearbháin an Nollaig seo

CSO  Child Deprivation 2021 report reveals sobering level of child poverty in Irelandplaceholder image
CSO Child Deprivation 2021 report reveals sobering level of child poverty in Ireland

Tá Cumann Naomh Uinseann de Pól ag iarraidh ar dhaoine dearbháin a thabhairt dóibh ionas go mbeidh siad ábalta cuidiú le teaghlaigh agus le daoine aonair a rogha féin a dhéanamh don Nollag, i mbliana.

Tá go leor daoine ag streacháilt agus faoi bhrú agus an Nollaig ar na bacáin. 

Ba mhaith leis an chumainn deis a thabhairt do dhaoine a mbianna féin, a n-éadaí, a mbréagáin agus a mbronntanas féin a cheannach bunaithe ar an mhéid atáthar á lorg ó Dhaidí na Nollag.

Feictear don chumann gur chóir deis a thabhairt do dhaoine a míanta féin a chomhlíonadh agus úinéireacht a bheith acu ar a saoil féin.  

Más mian leat Bailiúchán Crann Fíorúil a dhéanamh tá an chumann ag iarraidh earraí bia neamh-mheatacha, bréagáin úra, éadaí úra do leanaí agus hataí te agus praiticiúla, scarfanna, lámhainní, stocaí agus fo-éadaí do dhaoine fásta.

Iarrtar ar dhaoine gan clúdach a chur ar bhronntanais mar go mbeidh bronntanais a oscailt le cinnte a dhéanamh go bhfuil gach rud ina cheart.

Tuilleadh eolais ón suíomh. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice