Cuma ar an scéal go mbeidh go leor fostaithe ag filleadh ar an oifig


B'fhearr le cuid mhór, mhaith daoine 9 lá as gach 14 a oibriú
Léiríonn suirbhé úr go n-athródh 75% de fhostaithe na hÉireann poist le hoibriú i bpoist ina dtiocadh leo oibriú 9 lá sa choicís.
Léirigh suirbhé Hays Ireland chomh maith, go ndéanfadh 51% de fhostaithe smaoineamh ar jabanna a athrú do sheachtain oibre ceithre lá chomhbhrúite.
Tugann an taighde le fios go bhfuil 56% d’fhostóirí ag súil go mbeidh a gcuid foirne de dhith ar ais san oifig níos minice sna 12 mhí atá romhainn.
Thug Hays faoi deara go bhfuil go leor fostóirí ag déanamh a ndicheall chun an fhoireann a spreagadh chun filleadh ar an ionad oibre, de réir tuairisc ar RTÉ maidin inniu.
Tá 49% de fhostoirí ag cur áiseanna stórála rothar agus cithfholcadh ar fáil chun é a dhéanamh níos fusa rothaíocht chun na hoibre.