Search

06 Sep 2025

Acmhainn úr oideachais ó TG4 Foghlaim Inis Friotal

Acmhainn úr oideachais ó TG4 Foghlaim Inis Friotal

TÁ RÍMÉID ar TG4 ‘Inis Friotal’ a fhoilsiú ar TG4 Foghlaim. Is acmhainn úr oideachais é seo le tacaíocht a thabhairt do litríocht na sraithe shóisearaí. Léirithe ag Súgradh Teo bunaithe ar 11 dán ó shiollabas na Gaeilge don tsraith shóisreach, déantar na dánta a athshamhlú go físiúil chun tacú le scoláirí ina gcuid staidéir do Scrúdú Stáit na Sraithe Sóisearaí.  

Neadaithe i gcroílár an Aigéin Atlantaigh atá an t-oileán miotasach, Inis Friotal. Oileán is ea é atá faoi dhuilliúr méith, a bhfuil aibhneacha ag sreabhadh tríd faoi sholas glioscarnach na gealaí. Tá rún speisialta á choinneáil ag muintir an oileáin seo, is é sin go bhfuil féith na filíochta go smior iontu. 

Ar Inis Friotal, bíonn focail mhuintir an oileáin ag rince ar a dteanga; iad ag cur a gcuid mothúchán agus smaointe in iúl i véarsaí áille ceolmhara. 

Gach duine seachas aon oileánach amháin. Níor éirigh le fear óg díograiseach, an bleachtaire Colm Bó, cás a réiteach go fóill, in ainneoin go bhfuil muinín mhór aige, cásanna a bhaineann le téamaí, mothúcháin agus samhlaíocht a chomhoileánach. An rithfidh an t-ádh leis? Feicfimid.. 

Léirithe agus stiúrtha ag Léiriú Súgradh Teo, is tionscnamh pobail é seo, le haisteoirí ó Ghaeltacht Mhúscraí agus Cathair Chorcaí. 

Léiríodh an togra seo le tacaíocht ó; An Chomhairle um Oideachas, Gaeltachta & Gaelscolaíochta, Plean Teanga Mhúscraí agus Gréasán na Meán Skillnet. 

Is iad na dánta atá clúdaithe sa sraith seo ná; Athair, Doechaidh Dorais, Jeais ar Scoil, An Ghealach, Sámhchodladh, Filleadh ar na gCathair, Stadeolaíocht, Cad É, Dán do Lara, Ceist na Teangan, An Grá. 

Is féidir Inis Friotal a fheiceáil anseo.

Le tuilleadh eolais a fháil nó teagmháil a dhéanamh linn faoi áiseanna oideachais TG4 is féidir sin a dhéanamh ag foghlaim@tg4.ie.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.