Cúla4 le taispeáint 'cúl stáitse' den fhéile teaghlaigh Amuigh 24


Is é aidhm na féile samhlaíocht a adhaint agus tallann a chothú
Cuireann Cúla4 agus TG4 clár speisialta leathuair an chloig 'ar chúl stáitse' i láthair a thabharfaidh sracfhéachaint ar ‘Amuigh 24 - Cúl Stáitse’, féile bhríomhar aon lae teaghlaigh, a reáchtáladh mar chuid de Chruinniú na nÓg 2024 ar 15 Meitheamh i mBaile na hAbhann, Gaillimh.
Bígí i dteannta Niamh Ní Chróinín ar Cúla4 agus í ag tabhairt an lucht féachana ar chúl stáitse, ag tabhairt léargas ar an chos istigh le hagallaimh ó rogha de na healaíontóirí cumasacha a bhí ar stáitse ag an ócáid iontach seo.
Rinne ‘Amuigh 24’ ceiliúradh ar chruthaitheacht, ealaín agus taibhiú, deartha do leanaí agus daoine óga idir 0 agus 18 mbliana d’aois agus rinneadh an scannánaíocht don chlár le linn Fhéile Ealaíon an Earagail.
Bhí clár de cheardlanna idirghníomhacha, taispeántais ealaíne agus léirithe beo ar an bhféile, atá lonnaithe i gConamara.
Gheobhaidh lucht féachana spléachadh eisiach ar chroílár ‘Amuigh 24,’ le hagallaimh le taibheoirí den scoth mar Jessica McKean, iontráil Junior Eurovision, Trad Rave, agus Colm Seoighe & na hEasógaí.
Chuir an fhéile béim freisin ar cheardlanna agus léirithe le Circus le Croí, Trish Forde le Laurette na nÓg, agus Children’s Books Ireland, i measc go leor eile.
Is é aidhm na féile samhlaíocht a adhaint, tallann a chothú, agus léirthuiscint ar feadh an tsaoil a spreagadh don chruthaitheacht agus don chultúr.
Bígí ag faire ar Cúla4 & Cula4.com Dé Sathairn seo 22 Meitheamh ag 6in.