Cuireann cógaiseoirí srian le vacsaíní fliú de bharr ganntanas soláthair


Tá sé beartaithe ag an HSE a fheachtas saor in aisce um vacsaíniú fliú don gheimhreadh a sheoladh ar an 8 Deireadh Fómhair
Deir cógaiseoirí, mar gheall ar an nganntanas reatha i soláthar vacsaíní fliú, go bhfuil siad ag teorannú an vacsaínithe do dhaoine os cionn 65 bliain d’aois.
Is é an chúis leis an moill ar an soláthar ná go raibh ar mhonaróirí na trí chineál víris sa vacsaín a athrú i mbliana, de bharr comhairle ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
Dúirt Larry Macken, ó Chógaislann Macken i gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath, le Nuacht RTÉ gur chruthaigh sé seo brú mór ar an bpróiseas monaraithe, ós rud é nach mbíonn ach cineál amháin le nuashonrú de ghnáth.
Dúirt sé go bhfuil na comhlachtaí cógaisíochta ag tabhairt tosaíochta do sholáthar an HSE agus go bhfuil na cógaislanna ag díriú faoi láthair ar dhaoine atá 65 bliain d’aois nó níos sine.
Dúirt an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill go bhfuil cur isteach ar sholáthar vacsaíní fliú ach nach bhfuil tionchar aige sin ar dhaoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe nó ar dhaoine atá i mbaol níos mó.
Dúirt sí go bhfuil moill ann maidir le vacsaíniú fliú sa chóras príobháideach.
Dúirt an tAire go bhfuil an séasúr fós ina thús agus go mbeidh tuilleadh vacsaíní fliú ar fáil amach anseo.
Dúirt sí go raibh súil aici go dtuigfeadh othair phríobháideacha an gá atá ann an vacsaín a thabhairt ar dtús do na daoine is mó atá i mbaol, chun iad a chosaint ar bhreoiteacht agus chun a chinntiú nach mbeidh orthu dul san ospidéal.
Tá sé beartaithe ag an HSE a fheachtas saor in aisce um vacsaíniú fliú don gheimhreadh a sheoladh ar an 8 Deireadh Fómhair.