Cuireadh dhá lua nua le líonra Thairseach Bhaile Átha Cliath
Tá Lublin agus Vilnius curtha le tairseach Nua-Eabhrac/Bhaile Átha Cliath
Tá sé fógartha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go bhfuil dhá chathair bhreise curtha le Tairseach Bhaile Átha Cliath.
Chomh maith le nascadh le Nua-Eabhrac, beidh daoine ar Shráid an Iarla Thuaidh in ann Vilnius a fheiceáil sa Liotuáin agus i Lublin sa Pholainn.
Rothlóidh na sruthanna beo gach 180 soicind, ag tosú ó 1pm am na hÉireann Dé Máirt seo, 27 Lúnasa, agus ag cruthú líonra domhanda.
“Tá os cionn 340,000 cuairteoir tarraingthe ag an Tairseach i mBaile Átha Cliath ó seoladh é i mí na Bealtaine agus tá saol nua tugtha aige do Shráid an Iarla Thuaidh,” a dúirt Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, James Geoghegan.
“Tá lúcháir orainn líonra na gcathracha a fheiceáil ag leathnú go Vilnius agus Lublin agus táimid ag tnúth le níos mó daoine a fheiceáil ag baint sult as eispéireas na dTairseach.”
Tá Tairseach Vilnius suite in aice le stáisiún lárnach na cathrach, agus tá Tairseach Lublin suite ar chearnóg láir na cathrach, Cearnóg Litewski.
Bhí baint ag na dealbha ina mbeirteanna roimhe seo (NYC go Baile Átha Cliath, agus Vilnius go Lublin) agus chothaigh na dealbha idirghníomhaíochtaí éagsúla ar fud na gcathracha, lena n-áirítear comórtais bríomhar damhsa, léirithe cultúrtha agus tograí pósta rathúla.
“Tá an-áthas orainn na ceithre dhealbh Tairseach a nascadh le chéile ar deireadh,” a dúirt Benediktas Gylys, bunaitheoir agus ealaíontóir portals.org.
“Is é atá i gceist le misean na dTairsí ná go leor tairseacha a thógáil, a fhoirmíonn le chéile aonán domhanda - droichead chuig pláinéad aontaithe a thugann cuireadh do dhaoine ó chultúir i bhfad i gcéin bualadh le chéile os cionn teorainneacha, difríochtaí agus inste.
“Thóg sé ocht mbliana dúinn teacht ar an lá speisialta seo agus táimid buíoch as an tacaíocht leanúnach ónár gcomhpháirtithe i mBaile Átha Cliath, i gCathair Nua-Eabhrac, i Vilnius agus i Lublin.
Tá na ceithre Thairseach atá ann faoi láthair mar bhunús do líonra a leathnóidh níos déanaí i mbliana, ag tabhairt Tairseacha go dtí níos mó tíortha ar fud an Domhain.”
Beidh cuairteoirí ar na Tairseacha in ann bualadh lena chéile i bhfíor-am thar cheithre chrios ama éagsúla agus gabháil leis an saothar ealaíne domhanda seo.
Bíonn rothlú an líonra gníomhach go laethúil ó 1pm go 8pm i mBaile Átha Cliath/ 8am go 3pm i NYC/ 2pm go 9pm i Lublin / 3pm go 10pm i Vilnius, agus tá níos mó láithreacha Tairseach le cur leis an líonra níos déanaí i mbliana.