Cuimhneachán 60 Bliain Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoile na Gaillimhe


Beidh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe 60 bliain ar an bhfód in 2024. Chun an ócáid seo a chomóradh táthar ag tabhairt cuireadh do dhaoine a bhí nó atá ina noifigigh, ina mbaill foirne, ina n-iriseoirí agus ina gcomhghleacaithe de Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, freastal ar Cheiliúradh Chéimithe an Chomhaltais ar an 18 Bealtaine, 2024.
Beidh an ceiliúradh ar siúl i gClub Chomhaltas na Mac Léinn, beár an Choláiste ar a dtugtar Sult, áit a mbeidh beárbaiciú, siamsaíocht agus neart ábhar iontais eile.
Deis iontach a bheidh anseo dul siar ar bhóithrín na smaointe, dul i dteagmháil le seanchairde agus na hathruithe a tháinig ar chúrsaí á fheicheáil ó bhí tusa ag troid ar son na mac léinn.
Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig [email protected]