Cuardach náisiúnta ar siúl anois chun ‘An Post Siopa Leabhar na Bliana 2023’ a aimsiú


TÁ AN cuardach ar bun go hoifigiúil chun 'An Post Siopa Leabhar na Bliana 2023' a aimsiú.
Tar éis bliain tionscnaimh thar a bheith rathúil i 2021, tá an chatagóir ar ais anois don tríú bliain as a chéile ag Gradaim Leabhar Gaeilge An Post, an ócáid bhliantúil liteartha a cheiliúrann agus a chuireann scríbhneoireacht na Gaeilge chun cinn don raon is leithne léitheoirí agus is féidir.
Tá an chatagóir ‘Siopa Leabhar na Bliana An Post’ deartha chun aitheantas a thabhairt don ról suntasach a imríonn siopaí leabhar neamhspleácha agus brainsí áitiúla de shlabhraí siopaí leabhar chun cabhrú lena bpobail áitiúla na teidil dá rogha féin a aimsiú agus a bhlaiseadh.
I measc na mbuaiteoirí roimhe seo tá Siopa Leabhar agus Dánlann Ealaíne Kennys, Gaillimh in 2021 agus Bridge Street Books, Cill Mhantáin in 2022.
Níl le déanamh ag custaiméirí ach cliceáil ar anpost.com/bookshopoftheyear chun a n-ainmniúchán a chur isteach don siopa leabhar is fearr leo. Beidh an rogha acu freisin an chúis atá lena rogha a mhíniú.
Is féidir le léitheoirí dul isteach freisin tríd an gcód QR a scanadh ina rogha siopa leabhar agus na treoracha a leanúint. Cuirfear gach duine a vótálfaidh isteach i gcrannchur chun dearbhán leabhar €100 a bhuachan.
Dúnfar ainmniúcháin do ‘Siopa Leabhar na Bliana An Post’ ar 17 Meán Fómhair ag meán oíche.