Cuardach mór do siúlóir ar iarraidh i gceantar an Daingin ó Dé Domhnaigh


Tá Tarrtháil Sléibhe Chiarraí, Tarrtháil Cósta & Aille an Daingin agus Garda Cósta Dairbhre i gceist le cuardaigh an cheantair
Tá fear ina 40idí ar iarraidh i gceantar an Daingin tar éis dó iarracht a dhéanamh dul ar shiúlóid ar Mount Brandon Dé Domhnaigh seo caite.
Deimhníodh i ráiteas ó na Gardaí go bhfuil gardaí agus seirbhísí tarrthála áitiúla i mbun oibríocht chuardaigh i gceantar Chnoc Bhréanainn/Mount Brandon i gCiarraí don siúlóir fireann atá ar iarraidh ina 40idí.
Deirtear gur ardaíodh an t-aláram maidin Dé Máirt seo, 25 Meitheamh 2024, tar éis teacht ar fheithicil ag carrchlós in aice láimhe.

Dar le grúpa fánaíochta ar na meáin shóisialta, Hiking Ireland ar Facebook, ráiteas ó chara an fhir, Anna Domagala dúirt go bhfuil sé Polannach, thart ar 5'3" nó 5'4" ar airde agus oiriúnach.
Tá sí ag achomharc ar fhinnéithe ar bith teacht chun tosaigh.