Gabhann na Coimisinéirí Ioncaim cannabas ar fiú os cionn €2.9 milliún é ag Europort Ros Láir

Tá luach measta os cionn €2,947,000 ar na drugaí mídhleathacha, a urghabhadh Déardaoinplaceholder image
Tá luach measta os cionn €2,947,000 ar na drugaí mídhleathacha, a urghabhadh Déardaoin

Tá luach measta os cionn €2,947,000 ar na drugaí mídhleathacha, a urghabhadh Déardaoin.

Tá imscrúduithe ar bun tar éis d’oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim ag Europort Ros Láir thart ar 145kg de chanabas luibhe amhrasta agus thart ar 7.9kg de roisín cannabais amhrasta a urghabháil.

Tá luach measta os cionn €2,947,000 ar na drugaí mídhleathacha, a urghabhadh Déardaoin.

"Fuarthas an cannabas mar thoradh ar phróifíliú gnáthaimh nuair a stopadh agus a chuardaíodh aonad lastais tionlacain, a bhí tar éis teacht i dtír ar bhád farantóireachta ó Dhún Cairce sa Fhrainc. Mar thoradh ar an gcuardach ina dhiaidh sin, le cúnamh ó scanóir x-ghathanna soghluaiste na gCoimisinéirí Ioncaim, aimsíodh na drugaí a bhí i bhfolach laistigh den ualach," a dúirt urlabhraí.

Gabhadh fear amháin, ina 20idí d’aois, ag an nGarda Síochána agus tá sé á choinneáil faoi láthair faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí i gContae Loch Garman.

Tá imscrúduithe ar siúl.

Deir na Coimisinéirí Ioncaim gur cuid dá n-oibríochtaí leanúnacha atá dírithe ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar allmhairiú, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha an urghabháil seo.

Má tá aon fhaisnéis ag gnólachtaí, nó ag baill den phobal, maidir le smuigleáil, is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar Uimhir Theileafóin Rúnda 1800 295 295.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice