Gabhann na Coimisinéirí Ioncaim breis agus 9 milliún toitín ag Europort Ros Láir

placeholder image
Revenue

Tá luach measta os cionn €8.8 milliún ar na toitíní de na brandaí Sovereign agus Super Kings

Tá fiosrúcháin ar siúl tar éis d’oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 9,360,000 toitín a urghabháil ag Europort Ros Láir.

Rinneadh an t-urghabháil Dé Máirt tar éis próiseas rialta um mheasúnú riosca a raibh sé mar aidhm aige táirgí tobac a aithint a d’fhéadfaí a chur ar an margadh gan an cháin chuí a íoc.

"Tháinig na toitíní i leantóir a bhí á tharraingt ag feithicil, tar éis dó teacht de bhád farantóireachta ón bhFrainc. Urghabhadh an leantóir agus na toitíní araon," a dúirt urlabhraí.

Tá luach measta os cionn €8.8 milliún ar na toitíní – ar de na brandaí Sovereign agus Super Kings iad – rud a chiallaíonn caillteanas féideartha don Státchiste de bheagnach €7 milliún.

Cuireadh ceisteanna ar fhear amháin, atá sna tríochaidí, maidir leis an urghabháil.

Tá fiosrúcháin ar siúl.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice