Gabhadh tiománaí ag tiomáint ag níos mó ná dhá oiread an teorainn luais


Le linn na hoibríochta póilíneachta bóithre, a leanann go dtí maidin Dé Máirt, tá na Gardaí ag déanamh Tástála Éigeantach Meisciúil reachtúil agus seicphointí póilíneachta rialta, ard-infheictheachta.
Braitheadh tiománaí ag taisteal ag níos mó ná dhá oiread an teorainn luais le linn oibríocht mhór póilíneachta bóithre na nGardaí atá ar siúl thar dheireadh seachtaine saoire bainc.
Le linn na hoibríochta póilíneachta bóithre, a leanann go dtí maidin Dé Máirt, tá na Gardaí ag déanamh Tástála Éigeantach Meisciúil reachtúil agus seicphointí póilíneachta rialta, ard-infheictheachta.
Go dtí seo, tá níos mó ná duine gafa as tiomáint faoi thionchar meiscigh (alcól agus drugaí) agus tá na céadta cion luais braite.
I measc na n-eachtraí suntasacha, a bhfuil aird tarraingthe acu ag na Gardaí, tá tiománaí a braitheadh ag taisteal ag 130km/u i gcrios 60km/u ar an R188 ag Drung, Co. an Chabháin; tiománaí ag taisteal ag 85km/u i gcrios 50km/u ar Watery Lane, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath; tiománaí ag taisteal ag 124km/u i gcrios 80km/u ar an N51 ag Dún Mó, an Uaimh, Co. na Mí agus tiománaí ag taisteal ag 141km/u i gcrios 100km/u ar an N11 ag Baile Nua an Chinnéidigh, Co. Chill Mhantáin.
Deir na Gardaí gur braitheadh breis is 115 tiománaí agus fón póca ina seilbh acu nó gan crios sábhála a chaitheamh.
Tá an Garda Síochána agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ag impí ar gach úsáideoir bóithre tacú lena n-iarrachtaí chun iad féin agus gach duine eile ar na bóithre a choinneáil sábháilte an deireadh seachtaine saoire bainc seo i mí an Mheithimh.
Beidh gach ball den Gharda Síochána atá ar dualgas an deireadh seachtaine saoire bainc seo amuigh ag déanamh gníomhaíochta forfheidhmithe tráchta bóthair agus deir na Gardaí go mbeidh béim ar leith á leagan acu ar bhrath a dhéanamh ar dhaoine atá ag tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí an deireadh seachtaine seo.
Tá an Garda Síochána ag impí ar úsáideoirí bóithre freisin a bheith aireach ar úsáideoirí bóithre leochaileacha, go háirithe coisithe agus rothaithe, agus a bheith cúramach go breise timpeall orthu.