Fear i riocht criticiúil tar éis ionsaí tromchúiseach i mBaile Átha Cliath


In achomharc, dúirt na Gardaí gur tharla an eachtra ar Shráid Foley, Baile Átha Cliath 1 ag thart ar 11.40pm Dé Luain
Tá Gardaí ag iarraidh finnéithe i ndáil leis an méid atá á thuairisciú mar ionsaí tromchúiseach a tharla i mBaile Átha Cliath níos luaithe an tseachtain seo.
In achomharc, deir siad gur tharla an eachtra ar Shráid Foley, Baile Átha Cliath 1 ag thart ar 11.40pm Dé Luain.
"Tugadh an fear, atá ina 30idí d'aois, chuig Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae ag 2am le cóireáil a fháil as gortuithe tromchúiseacha agus tá sé fós i riocht criticiúil," a dúirt urlabhraí.
Gabhadh fear, atá ina 30idí d'aois, ó shin agus tá sé á choinneáil faoi láthair faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 ag stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath.
Tá Gardaí ag iarraidh ar aon duine a d'fhéadfadh a bheith ina bhfinnéithe ar an eachtra seo teacht chun cinn.
Iarrtar ar aon duine a bhí i gcomharsanacht Shráid Foley, Shráid Talbot agus Shráid James Joyce idir 11:30pm Dé Luain agus 2am Dé Máirt agus a bhféadfadh físeán ceamara a bheith acu - lena n-áirítear físeán ceamara dash - é seo a chur ar fáil do na Gardaí atá ag fiosrú.
Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas acu teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Gardaí Shráid an Stórais ar (01) 666 8000, Líne Rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111, nó aon Stáisiún Gardaí.
Tá imscrúduithe ar siúl.