Fear gortaithe go dona le linn iarracht robála i gContae Lú


Tharla an eachtra i Muirhevnamor, Dún Dealgan, thart ar 8.30in Dé Máirt
Tá na Gardaí ag lorg finnéithe tar éis do fhear gortuithe tromchúiseacha a fháil le linn iarracht robála i gContae Lú.
Tharla an eachtra i Muirhevnamor, Dún Dealgan, thart ar 8.30in Dé Máirt.
"Gortaíodh fear, atá sna daicheadai, go dona nuair a tháinig beirt fhear chuige agus iarracht á déanamh acu a scútar leictreach a ghoid. Tá sé á chóireáil in Ospidéal Our Lady of Lourdes i nDroichead Átha, áit a bhfuil sé fós i riocht criticiúil," a dúirt urlabhraí de chuid na nGardaí.
Tá an láthair á cosaint le haghaidh scrúdú teicniúil.
Deir na Gardaí gur gabhadh fear, atá sna tríochaidí, ina dhiaidh sin agus go bhfuil sé á choinneáil ag stáisiún i Réigiún an Iarthuaiscirt faoi Alt 4 d’Acht an Cheartais Choiriúil 1984.
Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic an eachtra seo teagmháil a dhéanamh leo.
"Iarrtar ar aon duine a bhí i gceantar Muirhevnamor Dé Máirt, idir 7in agus 9in, agus a bhfuil píosaí scannáin físe acu — lena n-áirítear ó cheamaraí deais — iad a chur ar fáil do na Gardaí atá i mbun an imscrúdaithe.
Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas aige teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Garda Dhún Dealgan ar 042 938 8400.
Tá an t-imscrúdú ar siúl."