Cuireann an HSE cártaí leighis plaisteacha nua ar sos i ndiaidh cibearionsaí


Dúirt an HSE nár cuireadh isteach ar a gcórais ach tuigtear gur rochtainíodh líon beag taifead de chuid an HSE
Tá an HSE tar éis sos a chur ar eisiúint cártaí leighis plaisteacha, Cártaí Árachais Sláinte Eorpacha (EHIC), cártaí cuairte dochtúra teaghlaigh, cártaí scéime íocaíochta drugaí, agus cártaí breoiteachta fadtéarmacha i ndiaidh cibearionsaí ar chórais soláthraí seachtrach seirbhísí priontála cártaí.
Dúirt an HSE nár cuireadh isteach ar a gcórais ach tuigtear gur rochtainíodh líon beag taifead de chuid an HSE.
"Tá an eachtra tuairiscithe againn don Choimisinéir Cosanta Sonraí agus táimid ag obair leis an soláthraí seachtrach chun athbhreithniú a dhéanamh ar an méid beag sonraí a ndearnadh difear dóibh," a dúirt an HSE i ráiteas, mar a tuairiscíodh ag Nuacht RTÉ.
"Déanfaimid measúnú ar an ngá atá ann fógra a thabhairt do dhaoine aonair a bhféadfadh tionchar a bheith ag a gcuid sonraí," a dúirt sé.
Dúirt an HSE go bhfaighidh iarratasóirí ar chártaí litir ag deimhniú a n-incháilitheachta don scéim ábhartha, ar féidir í a úsáid mar chruthúnas incháilitheachta de réir mar is gá.
"Tá Teastais Athsholáthair Shealadacha a sholáthraíonn an teideal céanna chun cúram sláinte agus tú thar lear á gcur ar fáil in ionad cártaí EHIC plaisteacha," a dúirt an HSE.
"Tá cártaí EHIC do dhaoine fásta ar fáil tríd an Aip Sláinte HSE ar féidir í a íoslódáil tríd an App Store agus Google Play," a dúirt sé.
De réir an HSE, is gnách go n-úsáideann gach soláthraí seirbhíse, lena n-áirítear dochtúirí teaghlaigh agus cógaslanna, cainéal digiteach chun incháilitheacht d'aon scéim a fhíorú, agus mar horadh air sin, níl aon tionchar ar rochtain ar sheirbhísí cúram sláinte.
Dúirt an HSE go ndéanann an HSE bainistíocht dhíreach ar phróiseáil iarratas ar chártaí leighis, agus scéimeanna seirbhísí sláinte eile, agus nach ndéantar difear d'incháilitheacht daoine.
"Níl aon tionchar ar rochtain ar sheirbhísí cúram sláinte, tá iarratais ar chártaí leighis, cártaí EHIC agus scéimeanna seirbhísí sláinte eile á bpróiseáil mar is gnách," a dúirt urlabhraí.
Dúirt an HSE gur cuireadh a phrótacail chibearshlándála i ngníomh láithreach a luaithe a fuair siad foláireamh ón soláthraí seachtrach.
"Glacann an HSE go dáiríre le gach sárú ar chosaint sonraí agus bainistíonn siad gach sárú i gcomhréir le reachtaíocht um chosaint sonraí agus polasaí an HSE," a dúirt urlabhraí.