Baineann na Gardaí 24 coirpeach den Stát ar eitilt go dtí an Rómáin


De réir na nGardaí, bhí 18 den 24 fear ag freastal pianbhreitheanna príosúin agus tógadh iad go díreach ó choimeád Sheirbhís Príosún na hÉireann
Tá ceithre fhear is fiche fásta, a bhfuil cionta coiriúla curtha ina leith, curtha amach as an Stát tar éis oibríocht mhór de chuid an Gharda Síochána.
Dé Domhnaigh, rinne Biúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána (GNIB) oibríocht chun daoine a chur amach as an Stát de bhun Orduithe Aisistrithe ón Aontas Eorpach. Bhí Orduithe Eisiamh ag gabháil leo seo, a chuireann cosc ar na daoine sin filleadh ar an Stát ar feadh tréimhsí suas le 10 mbliana.
Dúirt urlabhraí gur cuireadh 24 fear fásta amach as an Stát mar thoradh ar an oibríocht seo; bhí a n-aois idir lár na bhficheidí agus lár na gcaogaidí.
"Cuireadh na daoine go léir amach ar eitilt chairte a d'fhág Baile Átha Cliath agus a bhí ar a bealach go dtí an Rómáin. Tá cúlra coiriúil in Éirinn ag na daoine seo go léir; ciontaíodh iad sna cúirteanna agus gearradh téarmaí príosúnachta orthu," a dúirt urlabhraí.
De réir an Gharda Síochána, bhí 18 den 24 fear ag freastal téarmaí príosúnachta, agus tógadh iad go díreach ó choimeád Sheirbhís Príosúin na hÉireann chun iad a chur amach as an Stát.
Gabhadh an seisear eile in áiteanna éagsúla in Éirinn agus coinníodh iad faoi choimeád roimh iad a chur amach as an Stát Dé Domhnaigh.
"Tacaíonn an t-aisistriú seo ar an 24 duine – a ciontaíodh go léir as cionta a rinneadh sa dlínse seo – leis na hoibríochtaí atá ar siúl faoi láthair ag an nGarda Síochána," a dúirt an t-urlabhraí.