Achomharc nua ó na Gardaí ar chomóradh 30 bliain ó imigh agus dúnmharaíodh Fiona Pender


Níor aimsíodh corp Fiona riamh agus, go dtí seo, níor tugadh aon duine os comhair an cheartais as a himeacht agus a dúnmharú
Tá achomharc athnuaite eisithe ag na Gardaí ar eolas chun comóradh 30 bliain a dhéanamh ar imeacht agus ar dhúnmharú Fiona Pender.
Chonaiceadh Fiona go deireanach thart ar 6am ar maidin Dé hAoine, 23 Lúnasa 1996 ina hárasán ar Shráid na hEaglaise i dTulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí.
Bhí sí 25 bliain d'aois nuair a chuaigh sí ar iarraidh. Tuairiscíodh Fiona mar dhuine 5’ 5” ar airde agus gruaig fhada fhionn uirthi.
De réir na nGardaí, nuair a chonacthas í go deireanach, bhí éadaí geala agus luiteoga bána uirthi. Bhí Fiona seacht mí torrach nuair a d’imigh sí as radharc.
Tá imscrúdú leanúnach déanta ag Gardaí i Roinn Laoise agus Uíbh Fhailí le 30 bliain anuas. Tá Oifigeach Sinsearach Imscrúdaithe i gceannas ar an imscrúdú fós.
Deir siad gur cuireadh fiosrúcháin shuntasacha i gcrích chun suíomh Fiona a fháil amach agus chun imthosca a himithe agus a dúnmharaithe a imscrúdú.
Le linn na tréimhse seo, tá na mílte doiciméad agus tuarascáil aimsithe agus bailithe ag an bhfoireann imscrúdaithe, breis is 300 ráiteas fianaise tógtha acu agus roinnt taispeántais a choinneáil.
Gabhadh agus coinníodh cúigear i ndáil leis an imscrúdú seo. Agus tá cuardaigh fhairsinge déanta.
Níor aimsíodh corp Fiona riamh agus, go dtí seo, níor tugadh aon duine os comhair an cheartais as imeacht agus dúnmharú Fiona.
"Tá an Garda Síochána ag achomharc chuig aon duine a casadh le Fiona nó a chonaic í go moch ar maidin Dé hAoine, 23 Lúnasa 1996, agus d’aon duine a bhfuil aon eolas aige maidir le himeacht agus dúnmharú Fiona nár labhair leis na Gardaí, teacht chun cinn agus labhairt lenár bhfoireann imscrúdaithe," a dúirt urlabhraí.
Deir na Gardaí go leanann siad orthu ag achomharc chuig aon duine a d’fhéadfadh a bheith tagtha chun cinn roimhe seo agus a mhothaigh nach bhféadfaidís an fhaisnéis go léir a bhí acu maidir leis an ábhar seo a sholáthar do na Gardaí, teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann imscrúdaithe arís.
Achomhaircíonn an Garda Síochána chuig aon duine a bhfuil aon eolas aige, is cuma cé chomh beag nó neamhshuntasach is a chreideann tú atá sé, teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Gardaí Thulach Mhór ar (057) 9327600, nó le haon Stáisiún Gardaí.
Ba chóir d’aon duine ar mian leis eolas a sholáthar go rúnda teagmháil a dhéanamh le Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111.