Craoltóir, Seán Ó Tuairisg, ar shlí na fírinne

placeholder image

Bhí Seán ar dhuine de bhunaitheoirí Raidió na Gaeltachta i 1972

Fuair Seán Ó Tuairisg as na hAille agus an Lochán Beag bás suaimhneach in Áras Chois Fharraige, ar Aibreán 19.

Iarchraoltóir le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. Bhí Seán ar dhuine de bhunaitheoirí Raidió na Gaeltachta i 1972.

Mac le Máirtín Mór agus a bhean Moya nach maireann. Imithe roimhe freisin tá a dhearthaireacha Michael agus Pádraic.

Méala mór a bhás dá dheirfiúracha Marie, Sligeach, agus Mairéad, Baile Átha Cliath, dá dheartháireacha Ruaidhrí, Breandán agus Noel, a chliamhain Maress, Carmel, Marie, Deirdre agus Cabrini agus a dheartháir céile Frank. Chomh maith lena nianna agus neachtanna.

Beidh sé á thórramh ar an Aoine, Aibreán 21 ó 5 - 8in i dTeach Tórraimh Uí Neachtain. Aistreofar a chorp go Séipéal Naomh Ainnín ar an gCnoc. Cuirfear é i Reilig an Chnoic, tar éis Aifrinn meánlae ar an Satharn, Aibreán 22.

Is féidir Aifreann na Sochraide a fheiceáil ar shuíomh idirlíon an tSéipéil.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice