Cosc ar ghaltoitiní aonúsáide a phlé

Tá an Rialtas ag teacht faoi bhrú cosc a chur ar dhíol galtoitiní. Rinneadh a fhogairt san Ríocht Aontaithe i rith an tsamhraidh go raibh cosc ​​le cur ar na galtoitiní agus d’fhógair an Fhrainc pleananna chun é sin a dhéanamh fosta.

Scríobh Teachta Dála Fhianna Fáil Paul McAuliffe chuig comhairleoirí a pháirtí ar fud na tíre ag fiafraí faoin chostas a bhaineann le glanadh galtoitíní aonúsáide. 

Chur sé ceist chomh maith ar labhair na comhairleoirí faoin ábhar ag cruinnithe na comhairle.

Tá sé ráite cheana féin ag an Aire Sóisearach Ossian Smyth go bhfuil sé i bhfábhar cosc ​​a chur ar na galtoitiní de dheasca an drochthionchar atá acu ar an timpeallacht.

Níl aon reachtaíocht tugtha isteach go fóill, áfach, agus d'fhógair an tUasal Smyth anuraidh go ndéanfaí comhairliúchán poiblí ar dtús.

Cuireadh deireadh leis an gcomhairliúchán i mí Lúnasa agus thug an tAire le fios go bhféadfaí stad a chur le na táirgí faoin Acht um Gheilleagar Ciorclach, lena gceadaítear cosc a chur ar tháirgí aonúsáide chomh maith le treoir an AE maidir le plaisteach aonúsáide.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice