Cosc ag Comhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon ar chomhartha sráide dátheangach


CHUIR Comhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon cosc ar iarratas ar chomhartha sráide dátheangach, d’ainneoin gur baineadh amach na tairseacha arda sa pholasaí féin agus gur chomhlíon na cónaitheoirí próisis chuí na Comhairle.
Faoi pholasaí sráidainmneacha reatha na Comhairle, is gá go mbeidh achainí tacaíochta sínithe ag 33% de chónaitheoirí ag tacú leis an iarratas. Chuir an cónaitheoir an achainí iomlán seo isteach chuig an Chomhairle i mí Mheán Fómhair 2022. Ina dhiaidh mhoill de 6 mhí, rinne an Chomhairle an suirbhé poist le gach cónaitheoir i gCnoc Chois Coille ag deireadh mhí Eanáir 2023.
Dar le critéir pholasaí sráidainmneacha na Comhairle, is gá go mbeidh tacaíocht 66% (⅔+) ó chónaitheoirí atá ar chlár toghthóirí na sráide chun go mbeidh rath ar an iarratas. Glactar leis muna dtugann cónaitheoir freagra ar an suirbhé poist go bhfuil an cónaitheoir sin in éadan an iarratais. Tá critéir an pholasaí cáinithe ag grúpaí teanga, eagraíochtaí neamhrialtasacha chearta daonna agus coistí maoirseachta ar chonarthaí éagsúla idirnáisiúnta le blianta beaga anuas.
In ainneoin na tairsí airde, bhain iarratas Chnoc Chois Coille an tacaíocht chuí amach agus glacadh leis go raibh sé bailí. Tuigtear gur chaith ar a laghad 64 cónaitheoir ar son agus 3 chónaitheoir in éadan an iarratais. Is é seo an chéad uair gur éirigh le hiarratas sa Chomhairle seo na critéir ar fad a chomhlíonadh; theip ar dhá iarratas roimhe seo an tacaíocht chuí a bhaint amach.
Sin ráite, i ndiaidh chruinniú den Chomhairle iomlán anocht, tugadh le fios gur dhiúltaigh Coiste Pleanála Chomhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon don iarratas. Daingníodh cinneadh an choiste pleanála anocht ag cruinniú den Chomhairle iomlán.