Cosán na mBan le Treasa Breathnach ar Raidió na Gaeltachta


Sa tsraith úr Cosán na mBan, díreofar ar thréimhsí éagsúla i saol na mban. Ar an 3ú lá de mhí Iúil, craolfar an clár beagáinín níos moille sa tráthnóna, agus díreoidh sé ar mháithreacha.
Sa chlár seo, labhrann Orla Ní Fhinneadha le Treasa Bhreathnach faoina saol mar mháthair nua, agus insíonn Imelda Ní Dhomhnaill dí faoina taithí mar mháthair dá mac fola agus mar mháthair altrama.
Cloisfear ó na saineolaithe Kate McDaid ó NutriKate, beidh Aofáine Breathnach ó Galway West Physiotheraphy agus beidh Aoife Ní Eochaidh, an comhairleoir speisialta i sláinte na mban in Ospidéal an Bon Secours i nGaillimh, ag roinnt a gcuid saineolais mar fhisiteiripeoirí.
Beidh an Dr Lucia Ní Artagáin ó Chlinic Torthúlachta Mherrion ag labhairt faoi na córacha leighis torthúlachta atá ar fáil do mhná ar mhaith leo páistí a bheith acu. Beidh dánta le cloisteáil sa gclár seo ó Julie Breathnach-Banwait, chomh maith le Máire Chóil Neaine Mhic Dhonnchadha as Seanachomheas agus Máire hOibicín Uí Eidhin. Is í Treasa Bhreathnach a chuirfidh an clár i láthair.
Beidh an clár ar siúl ar 4.10 ar an Luan, 3ú Iúil.