Corn Uí Chon Cheanainn á reáchtáil don chéad uair in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe

I gcuimhne ar Chiarán Ó Con Cheanainn a bunaíodh an comórtas
Beidh Corn Uí Chon Cheanainn 2023, comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn tríú leibhéal, á reáchtáil den chéad uair ón bhliain 2019 in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, Dé Sathairn, 11 Márta 2023 ag 2pm. Is i gcuimhne ar an sárfhonnadóir, Ciarán Ó Con Cheanainn, a bunaíodh an comórtas.
Rugadh agus tógadh Ciarán Ó Con Cheanainn i Sáile Thúna, An Spidéal. Scoláire léannta a bhí ann agus is ag gabháil den PhD a bhí sé nuair a sciobadh uainn go tobann é i mí Feabhra na bliana 2009.
Is iomaí comórtas amhránaíochta ar an sean-nós a bhuaigh Ciarán, ina measc; Fleadh Cheoil na hÉireann; Corn Mháire Mhic Dhonnchadha; Sean-Nós na bhFear agus ba é an duine ab óige ag an am le Corn Uí Riada a bhuachan nuair a thug sé leis an corn ag Oireachtas na Samhna sa bhliain 2008.
Is é Dé Luain, 6 Márta 2023 an spriocdháta d’iontrálacha agus beidh táille iontrála de €5 le híoc ag iomaitheoirí.