Comórtas rince Gaelach móréilimh ar ais ar scáileáin na hÉireann

Cuireann Síomha Ní Ruaircan clár i láthair ar TG4placeholder image
Cuireann Síomha Ní Ruaircan clár i láthair ar TG4

Beidh óg agus aosta agus gach rud idir eatarthu ag taispeáint a gcuid gluaiseachtaí

Tá sraith nua de An Ríl Deal ar ais ar an teilifís agus tá TG4 agus Adare Productions ag lorg an chéad rud mór eile i saol an rince.

Cuirfidh taibheoirí iontacha de gach stíl damhsa traidisiúnta siamsaíocht ar fáil don lucht féachana thar 8 gclár ar an seó; ó Dhamhsóirí Céime, ó dhamhsóirí ar an Sean-Nós go dtí rinceoirí Seit, feicfear fiú meascán de gach stíl.

Níl aon srianta aoise ar na damhsóirí. Beidh óg agus aosta agus gach rud idir eatarthu ag taispeáint a gcuid gluaiseachtaí!

Ag coinneáil súil ghéar ar na daoine cumasacha ar fad atá ár triúir moltóirí, saineolaithe ar fad i réimse an rince Ghaelaigh. Labhras Sonaí Choilm Learraí (Gaillimh), Úna Ní Fhlatharta (Maigh Nuad, Cill Dara) and Ronan O’Connell (Galway-Cairde Dance Company).

Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc, beidh damhsóirí agus grúpaí ó go leor contaetha ar fud na tíre i láthair, lena n-áirítear an Iarmhí, Cill Dara, Gaillimh, Luimneach, Baile Átha Cliath, An Clár, Ciarraí, Cill Mhantáin, Maigh Eo, Corcaigh, Liatroim, Laois, An Mhí, Dún na nGall, Doire , Aontroim agus an Dún.

Beidh damhsóirí éagsúla i láthair gach seachtain agus iad ag troid le huimhreacha den scoth agus iad ag súil leis an gcluiche ceannais a bhaint amach le bheith ina mbuaiteoirí ar An Ríl Deal.

Craolfar an chéad chlár Dé Domhnaigh, 10 Márta, agus beidh siamsóirí spreagúla le feiceáil. As an Iarmhí agus Cill Dara, Emerald Lakes Academy of Irish Rince, ó Chonamara, Bláithín Ní Mháinín & Meadhbh Ní Chualáin agus ó Caisleán Chonaill, Co. Luimnigh, Jack Rohan.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice