Comóradh 25 bliain ar Chomhaontú Aoine an Chéasta ar Raidió na Gaeltachta


Maidin Luan Cásca, craolfar eagrán speisialta dhá uair an chloig d’Adhmhaidin ó 8 am go 10 am beo ó Raidió Fáilte i mBéal Feirste
Beidh dhá chlár speisialta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ag comóradh 25 bliain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, as Béal Feirste, thar dheireadh seachtaine na Cásca.
Dé Sathairn ag 11 am ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, pléifidh painéal cainteoirí na hathruithe atá tarlaithe i dtuaisceart Éireann ó síníodh an Comhaontú, agus na fadhbanna is mó atá fós le sárú.
Ar na haíonna a bheidh le cloisteáil ar an gclár sin, beidh Fergus Ó hÍr, Máirín Hurndall, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Gráinne Ní Ghréacháin.
Maidin Luan Cásca, craolfar eagrán speisialta dhá uair an chloig d’Adhmhaidin ó 8 am go 10 am beo ó Raidió Fáilte i mBéal Feirste.
Breathnófar siar ar an tréimhse chinniúnach sin i stair thuaisceart Éireann tráth ar cuireadh deireadh leis na Trioblóidí agus tháinig síocháin i réim. Beidh painéal aoi-chainteoirí i gcuideachta Mháirín Ní Ghadhra agus pléifear suáilcí agus duáilcí an Chomhaontaithe, mar a fheiceann an dá mhór pobal sna Sé Chontae iad.
Gheobhfar léargas ó aos óg an Tuaiscirt faoin gcineál todhchaí atá uathu, agus fiosrófar an bhfuil an Comhaontú mar atá in ann an tsamhail sin a chomhlíonadh. Beidh na cláracha le cloisteáil beo, agus beidh siad le fáil ar an suíomh idirlín i ndiaidh a gcraolta ag rte.ie/rnag