Comhpháirtithe carthanais fógartha ag comhaltas na mac léinn

Izzy Tiernan, Dean Kenny, Raimey O’Boyle agus Faye Ní Dhomhnaill (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe)placeholder image
Izzy Tiernan, Dean Kenny, Raimey O’Boyle agus Faye Ní Dhomhnaill (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe)

Is iad Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Cúram Ailse an Iarthair a bheartaigh mac léinn na Gaillimhe orthu

D’fhógair Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, na comhpháirtithe carthanais

don bhliain acadúil 2023/24 inniu agus is iad Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Cúram Ailse an Iarthair a bheartaigh siad orthu. 

Beidh imeachtaí tiomsaithe airgid á reáchtáil ag an gComhaltas i rith na bliana ar

mhaithe leis an dá charthanas.

Dúirt Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Dean Kenny: “Táimid ar bís cistí a bhfuil

géarghá leo a thiomsú don dá charthanas seo a dhéanann obair iontach. Le linn na bliana

acadúla, cuideoidh na himeachtaí tiomsaithe sin le mic léinn agus le foireann na hollscoile

mothú go bhfuil siad páirteach i bpobal na hOllscoile, obair dheonach a dhéanamh, spraoi a

bheith acu agus a bheith gníomhach fad a thiomsaíonn siad airgead.”

Dúirt Cathy Connolly, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú:

“Tá an-áthas orainn gur roghnaigh Comhaltas na Mac Léinn muidne mar cheann dá

gcarthanais ainmnithe i mbliana. Leis an tionscnamh seo, cuideofar linn comhairleoireacht a

thairiscint dár gcliaint atá i ngéarchéim agus ár liosta feithimh a laghdú, rud a neartóidh an

tionchar atá againn agus a chuideoidh linn ár misean a chomhlíonadh, is é sin deireadh a

chur leis an nglacadh le foréigean gnéis sa chultúr agus sa tsochaí trí abhcóideacht, ardú

feasachta agus cláir oideachais.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chúram Ailse an Iarthair, Richard Flaherty: “Tá an-áthas

orainn a bheith ar cheann de charthanais ainmnithe Chomhaltas na Mac Léinn. Is galar í an

ailse a thagann gan aireachtáil ar dhaoine agus bímid ar fad thíos léi ag pointe áirithe inár

saol.

"Mar sin, ní hamháin go dtiomsófar airgead ríthábhachtach dúinn leis seo ach

aibhseofar freisin an obair a dhéanaimid i measc phobal na mac léinn – toisc go mb’fhéidir

go mbeadh ár seirbhísí ag teastáil uathu nó ó dhaoine muinteartha leo amach anseo.”

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice