Comharthaí don am atá le theacht i nDún Lúiche


Is forbairt na cláracha eolais, na comharthaí agus na bileoga ar an dara cuid don togra le maoiniú ón Chomhairle Contae
Seans go bhfaca cuairteoirí roinnt cláir eolas, comharthaí agus plaiceanna atá curtha in airde thar Dhún Lúiche le tamall anuas.
Rinne Cairde na hEaragaile an togra seo a fhorbairt i gcuideachta le Forbairt Dhún Lúiche. D’fhorbair said an suíomh www.dunluiche.com. Fuair siad maoiniú ón Comhairle Oidhreachta.
Tá go leor do stair Dhún Lúiche uaslódáilte go dtí seo ar an suíomh agus táthar ag tnúth cur leis de réir a chéile.
Bhain an suíomh duais de €6,000 ag na Gradaim do Bhailte Dhigiteach agus rachaidh an t-airgead seo chun sochair comh-mhaoiniú do thograí eile atá idir lámha. Is forbairt na cláracha eolais, na comharthaí agus na bileoga ar an dara cuid don togra le maoiniú ón Chomhairle Contae.
Tá na comharthaí curtha in áirde in áiteacha lárnach ar fud Dhún Lúiche agus thig le cuairteoirí theacht ar an suíomh idirlíne lena gcuid fóin. Má tá am saor ag daoine seans go mbeadh am agat súil a chaitheamh ar an suíomh mar bfhuil go leor píosaí dá stair áitúil an cheantair curtha ar fáil ag an ghrúpa oibre seo.