Comhaltas na mac léinn ag impí ar mhic léinn a bheith cúramach agus iad ag lorg títhí

placeholder image

Déan cinnte agus admhail a fhail má thugann tú airgid de tiarna talún

Toisc go bhfuil roghanna tithíochta gann faoi láthair, tá Aontas na mac léinn ag iarraidh ar mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe a bheith cúramach agus iad sa tóir ar áit chónaithe phríobháideach don bhliain acadúil amach anseo.

Sula gcuirtear lámh le léas/conradh faoi dheifir, tá sé thar a bheith tábhachtach a chinntiú go n-oirfidh an áit d'achan duine agus a bheith ar aire ar chamscéimeanna cíosa. Tá áiteanna ar fáil go mall, mar sin lean ar aghaidh go reidh agus cinntigh go gcoinneoidh tú súil ghéar ar na láithreáin ghréasáin go léir, www.nuigstudentpad.ie go háirithe. 

Dúirt Dean Kenny, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: “Rud iontach strusmhar é a bheith sa tóir ar áit chónaithe agus is minic a dhéanann daoine cinntí tábhachtacha faoi dheifir. Tá sé fíorthábhachtach go leanfá na treoirlínte seo le fanacht glan ar chamscéimeanna agus lena chinntiú go mbeidh an áit a aimseoidh tú oiriúnach duit féin agus do do chuid cairde.

"Ná déan cinntí tábhachtacha faoi dheifir, bí ar d’aire agus éiligh admhálacha agus deisiúcháin nuair is gá. Beidh tú ag cur fút san áit seo go ceann naoi mí ar a laghad, mar sin cinntigh go sásóidh sí na riachtanais go léir atá agat sula ndéanfaidh tú aon mhargadh. Ba chóir do mhic léinn atá fós sa tóir ar áit breathnú ar www.uniofgalwaystudentpad.ie”

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice