Níl sé ach tamall ó bhí Oireachtas na Samhna faoi lánseol thíos i gCill Áirne, Ciarraí. “Nollaig na nGael”, a thugtar go minic air, seachtain de chomórtais, de chóisireacht agus d’imeachtaí de chuile shórt a dtarraingíonns os cionn 10,000 duine ann chuile bhliain.
Is deacair a thuiscint, mar sin, cén chaoi nach bhfuil a fhios ag formhór mhuintir na Galltachta (An Ghalltacht: Éire an Bhéarla), ná ag an-chuid de lucht foghlamtha na Gaeilge fiú air.
Mar fhoghlaimeoir na Gaeilge mé féin, bhí ionadh dochreidte orm an chéad uair a d’fhreastail mé ar an Oireachtas. Cuireadh in iúl é mar “Fhéile na Gaeilge” domsa a théann ó áit go háit chuile bhliain, agus leis an bhfírinne a rá, bhí sé de dhrogall ormsa dhul ó dheas aige ar leibhéal áirid, os rud é gur shíl mé gur ócáid bheag, dhúnta a bheadh i gceist leis.
Thuigfeá dhom, mar sin, an t-iontas a d’fhág gan fhocail mé nuair a chonacthas dhom na sluaite móra millteacha; meascán de gach grúpa aois, gach cineál gnéis, agus ní hamháin muintir na Gaeltachta, ach Saol na Gaeilge uilig; cainteoirí ó chuile áit sa tír, Duibhlinnigh agus Feirstigh ina measc, agus ó áiteacha chomh faide thiar i gcéin le hOileán an Turtair (ainm de bhunadh bundúchasach do Mheiriceá Thuaidh), an Afraic Theas agus an tSeapáin.
Ach mar sin féin, cuirtear i gcuimhne dhom an cartún de chuid an ealaíontóra Ciara Kenny (a bhfeidhmíonn sí faoin lorgán @ciaraioch ar na meáin sóisialta) faoin Oireachtas. Léirigh an cartún, idir eile, an damhnsa, an amhránaíocht, an chóisireacht agus an chraic a bhaineanns leis, ach chríochnaigh leis an líne: “Eh... Chaithfeá a bheith ann...”
I gCill Áirne arís a bheidh an tOireachtas ar siúl an bhliain seo chugainn.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.