Cnuasach leabhar Sheáin Mhic Aoidh nach maireann ar oscailt

placeholder image

Ba hé Liam Ó Luadhóg a rinne an Oscailt Oifigiúil agus a thug an léacht

Le linn seachtain na hOidhreachta ar na mallaibh i mBaile na Finne bhí imeacht speisialta agus stairiúil ar siúl nuair a rinneadh Cnuasach leabhar Sheáin Mhic Aoidh nach maireann a oscailt go hoifigiúil.

Ba hé Liam Ó Luadhóg a rinne an Oscailt Oifigiúil agus a thug an léacht. Bunaíodh Coiste Sheagháin Bháin sa bhliain 1988 faoi stiúr Shéamais Ó Cnáimhsí, nach maireann. Bhí Séamas mar bhall de Choláiste Réigiúnach Leitir Ceanainn ag an am.

Ba ina dhiaidh sin a cheannaigh Coiste Sheagháin Bháin an bailiúchán leabhair le cuidiú ó eagraisí ar nós Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Coláiste Réigiúnach Leitir Ceanainn.

Lonnaíodh an Cnuasach in Otharlann Naomh Conaill i Leitir Ceanainn ar feadh blianta. Tugadh na leabharthaí ansin go dtí teach de chuid Údarás na Gaeltachta i mBaile na Finne agus aistríodh  iad go hÁras Sheagháin Bháin, aonad do chuid Údarás na Gaeltachta ag tús 2004.

Rinneadh obair cheangailte agus chaomhnaithe ar chuid de na leabharthaí anuas thar na blianta. Fuair an coiste cuidiú ó Údarás na Gaeltachta faoi Scéim Fiontair Pobail agus fósta ó Leabharlann Contae Dhún na nGall. 

Tá Liam Ó Luadhóg as Gleann Finne ag obair san Áras. D’éirigh le Liam urraíocht a fháil ó Iontaobhas Charantachta Hugo Green sa Nua Shéalainn a bhí toilteanach cuidiú le tograí fiúntacha sa chontae seo. Thug Mary Anne Green agus an tIontaobhas cuidiú de €15,000 do Choiste Sheagháin Bháin leis an obair uilig a chur i gcríoch. Tá éacht déanta ag Liam Ó Luadhóg as an chuidiú seo a aimsiú agus a fháil agus tá an coiste thar a bheith buíoch do Liam agus do Iontaobhas Hugo Green as a bheith fial flaithiúil leo. 

Tá moladh tuilte ag Cormac Ó Colla iar-oibrí san Áras a thosaigh ag déanamh catalóg ar na leabharthaí. Lean Liam Ó Luadhóg agus a chomhghleacaí, Caitlín Uí Bhaoill den chatalógú agus tá obair ar dóigh déanta acu. Tá cóipeanna den chatalóg ar fáil inniu faoi theideal an leabhair, údar an leabhair agus an prios ina bhfuil an leabhar ann. Tá na leabharthaí i bpriosanna cruach le doirse gloine faoi ghlas. 

Ar an droch uair ní thig na leabharthaí a thabhairt amach ar iasacht ach is féidir iad a léamh san Áras agus is féidir cóipeanna a fháil déanta ar fiche cent an leathanach.

Tá meascán mór leabharthaí sa chnuasach idir stair, litríocht, cheol, chreideamh agus ar ndóigh saothair na scríbhneoirí Conallacha atá ar shlí na fírinne ar nós fear na háite, Seaghán Bán Mac Meanman, Tadhg Ó Rabhartaigh, Clann Uí Ghrianna agus Séamas Ó  Searcaigh.

Is deas an Cnuasach seo a fheiceáil sa staid ina bhfuil sé inniu agus tá an coiste fíor-bhuíoch agus faoi chomaoin ag achan uile dhuine, cé acu beo nó marbh iad, a bhí páirteach sa tógra ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile le thar tríocha bliain anuas.

Tugann siad buíochas mór don Oifigeach Pleanála Teanga, Aodh Mac Ruairí agus do Choiste Pleanála Teanga na Ghaeltachta Láir as a gcuid tacaíochta. Béidh fearadh na fáilte roimh dhuine ar bith ar mhaith leis/léi bualadh isteach san Áras agus tamall a chaitheamh ann.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice