Clúdach cuimsitheach le cloisteáil ar chlár Lá na Cáinaisnéise, RnaG


Beidh painéal saineolaithe i gcuideachta Máirín Ní Ghadhra
Beidh clúdach cuimsitheach ar Cháinaisnéis 2024 le cloisteáil ar chlár Lá na Cáinaisnéise le Máirín Ní Ghadhra ar Raidió na Gaeltachta.
Beidh painéal saineolaithe ina cuideachta, agus iad i mbun anailíse ar an méid a fhógraítear. Orthu sin, beidh an comhairleoir cánach Ciarán Ó Féinneadha, an tráchtaire polaitiúil Áine Ní Chiaráin, Ciarán Mac an Bhaird, Ceann Scoile Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Seán Ó Riain, Ollamh Socheolaíochta in Ollscoil Mhaigh Nuad, agus Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ RnaG.
Beidh an clár ar siúl Dé Máirt, Deireadh Fómhair 10.