Clár úr Téacs Taistil ar na bacáin le TG4

Séaghan Ó Súilleabháin, Proinsias Ó Coinn agus Louise Cantillonplaceholder image
Séaghan Ó Súilleabháin, Proinsias Ó Coinn agus Louise Cantillon

Tabharfaidh Téacs Taistil ón tolg go dtí ceann scríbe difriúil muid gach seachtain i gcomhair éalú spreagúil, spraíúil, agus siamsúil 50 nóiméad

Tá Macalla, comhlacht léiriúcháin Scannán agus Teilifíse a bhfuil duaiseanna buaite aige dár dtabhairt ar saoire leis an tsraith thaistil iontach nua Téacs Taistil. 

Beidh seacht gclár sa tsraith seo. Tabharfaidh Téacs Taistil ón tolg go dtí ceann scríbe difriúil muid gach seachtain i gcomhair éalú spreagúil, spraíúil, agus siamsúil 50 nóiméad. Is sraith thaistil ghasta í seo agus is bealach tarraingteach é chun an domhan a fheiceáil.  

Triúr láithreoir, trí lá, trí thasc. Saoire bheag dhifriúil gach seachtain. Céard a thabharfaidh mé liom? Céard a chaithfidh mé? Cá bhfuil muid ag dul? Beidh 48-uair an chloig acu chun freagraí na gceisteanna uilig seo a fháil agus ní bheidh acu ach téacsanna cripteacha mar threoir.  

Is iad seo a leanas ár dtriúr láithreoirí - Louise Cantillon as Contae Luimnigh. Is DJ raidió í Louise ar Today FM agus bíonn sí ag cur Junior Eurovision i láthair ar TG4 freisin. Is aoibhinn le Louise a bheith ag taisteal, spórt, faisean, agus ceol agus bíonn sí ag taifeadadh a cuid eachtraí ar fad ar Instagram. Tá sí éirimiúil, greannmhar, an-ghalánta go deo agus i gcónaí réidh píosa spraoi a bheith aici.

Tá an-chuid scileanna éagsúla ag an bhfeirmeoir, múinteoir, agus láithreoir @thekerrycowboy, Séaghan Ó Súilleabháin. Tá Séaghan thar a bheith gníomhach ar TikTok agus ar Instagram, ardáin ar a dtaispeánann sé a shaol ar an bhfeirm i gCiarraí do na sluaite ar fud an domhain. Níl mórán taistil déanta ag Séaghan chuige seo, conas a éireoidh leis ar Téacs Taistil?

Is podchraoltóir, iriseoir, agus taistealaí paiseanta é Proinsias Ó Coinn as deisceart Ard Mhacha. Déanann sé cláir faisnéise don BBC agus bíonn sé le feiceáil ar chláir theilifíse ar TG4 agus an BBC. Taitníonn le Proinsias a bheith ag taisteal ina aonar de ghnáth. An mbeidh sé deacair aige a bheith ag taisteal in éineacht leis an mbeirt eile?

Cuirfear tús le Téacs Taistil Déardaoin, Aibreán 13, ag 9:30pm ar TG4 agus craolfar é ag an am céanna gach Déardaoin é go ceann seacht seachtaine.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice