Ciste fógartha do Comhar Naíonraí na Gaeltachta i nDún na nGall

placeholder image

DEA-SCÉAL do Dhún na nGall mar tá ciste fógartha do Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., inniu agus é ar turas ar Dhún na nGall go bhfuil allúntas nach mó na €601,100 ceadaithe aige do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) don tréimhse 2022 - 2023.

Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta seirbhísí ar fáil san earnáil luathbhlianta sa Ghaeltacht. Is iad príomh aidhmeanna na heagraíochta ná: deis a thabhairt do gach páiste sa Ghaeltacht freastal ar sheirbhís luathoideachais nó cúram leanaí trí mheán na Gaeilge; seirbhís luathbhlianta den scoth a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta; polasaithe an Stáit i leith na luathbhlianta a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht; polasaithe an Stáit i leith na Gaeilge sa chóras oideachas luathbhlianta a chur i bhfeidhm; sláinte agus sábháilteacht an linbh a chinntiú mar aon le sábháilteacht na foirne oibre.

Mar thoradh ar an maoiniú breise seo, tiocfaidh fás ar an méid a bhaineann CNNG amach ar leas an réimse luathoideachais Gaeilge sa Ghaeltacht.  

Is é an chúis atá leis an airgead ná chun clár oibre atá comhaontaithe a fheidhmiú ar leas an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022 araon.

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan, "le fógairt na dtacaíochtaí seo, tá céim mhór chun tosaigh tógtha a bheidh ar leas teaghlaigh óga na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhaith leo é sin a dhéanamh."

"De thoradh an mhaoiniú breise a bheith curtha ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, beidh mo Roinn in ann cuidiú tuilleadh leis an earnáil agus i ndeireadh báire, le teaghlaigh óga na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn".

Seoladh an tAire Stáit Plean Teanga an Ghaeltacht Láir go hoifigiúil le linn a chuairte chomh maith. Deir an tAire Stáit, "is cúis ceiliúradh don Phróiseas Pleanála Teanga agus do Limistéar an Gaeltacht Láir an plean Teanga seo a cheadú. Tréaslaím leis an gCeanneagraíocht as ucht an sár obair atá déanta acu chun ceadú an phlean seo a thabhairt go ceann scríbe."

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice