Ciara Ní É, Ben Shorten agus James Shannon sa stiúideo ar An Seisiún

Is cinnte go mbeidh toradh iontach ar a saothar
An tseachtain seo ar An Seisiún ar Raidió na Gaeltachta, beidh Ciara Ní É, Ben Shorten agus James Shannon sa stiúideo le chéile agus iad ag iarraidh trí amhrán nua i nGaeilge a chumadh agus a thaifeadadh i dtréimhse 12 uair an chloig.
Is de bhunadh Bhaile Átha Cliath do Chiara agus is file agus craoltóir í. Bhunaigh sí an oíche filíochta REIC, agus tá saothar dá cuid foilsithe i go leor díolamaí agus tá an-chuid duaiseanna buaite aici dá cuid filíochta.
Is ceoltóir agus cumadóir é Ben Shorten. Eisíonn sé ceol faoin ainm Woodheart agus is ball é den bhanna Tomorrows.
Bronnadh Núíosach na Bliana air ag Gradaim NÓS 2018, agus foilsíodh a chéad albam aonair, The Last Astronaut, i 2019.
Is geabaire agus léiritheoir é James Shannon ó Bhaile an Chairpintéaraigh i mBaile Átha Cliath. Eisíodh a chéad albam aonair, The Night Before The Morning After, i 2020. Is é Cian Mac Cárthaigh a chuirfidh an clár i láthair.
Tá coincheap ‘An Seisiún’ bunaithe ar an tsraith Sesiwn UNNOS a craoladh ar BBC Radio Cymru. Tá an tsraith seo arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann mar chuid den scéim Fuaim & Fís.