Search

06 Sep 2025

Na ceoltóirí Liam Ó Maonlaí agus Cormac de Barra ag plé an cheoil ar RnaG

Is cruitire den scoth é Cormac as Baile Átha Cliath a d'obair le mór cheoltoirí na tíre

Na ceoltóirí Liam Ó Maonlaí agus Cormac  de Barra ag plé an cheoil ar RnaG

Bíonn Liam Ó Maonlaí ag comhrá agus ag casadh ceoil le haíonna difriúla gach seachtain sa tsraith seo, beidh Cormac de Barra ina chuideachta.  

Is cruitire den scoth é Cormac, as Baile Átha Cliath, agus tá sé ar an tríú glúin cruitirí sa teaghlach.  Bíonn sé ag casadh ceoil le an-chuid ceoltóirí aitheanta, ina measc Moya Brennan, Altan, Clannad agus Brian Kennedy, agus tá go leor albam curtha amach aige. 

Sa chlár seo, labhróidh sé faoi thionchar a sheanmháthar, cruitire eile, Róisín Ní Shé, agus faoi bheith ag obair le Moya Brennan. Casfaidh Cormac agus Liam ceol álainn i rith an chláir. 

Beidh an clár seo le feiceáil ar líne freisin gach seachtain ar mheáin shóisialta RTÉ RnaG. Seo léiriú de chuid Stiúideo Cuan, maoinithe ag Coimisiún na Meán leis an Táille Ceadúnais Teilifíse.   

Beidh an clár seo ar siúl Déardaoin, Deireadh Fómhair 5.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.