Cén íomhá atá ag mná óga na hÉireann dá gcorp?
Téann Síomha Ní Ruairc sa tóir ar an fhirinne i Síomha: Idir Corp agus Anam
Sa chlár Síomha, Idir Anam is Corp, rachaidh an craoltóir Síomha Ní Ruairc i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann leis na meáin shóisialta, scagairí agus náiriú faoin gcorp, iad go léir ina bpríomhchúiseanna buartha díblithe, ionas go mbeidh dearcadh níos dearfaí maidir le féiníomhá ag mná óga na tíre seo agus aici féin chomh maith.
Déanfaí an bhean óg seo atá séasamh laidir aici ar na meáin shosíalta a scéal féin a roinnt lena leantóirí ar líne, áit a chuirfidh sí tús le feachtas spreagúil dearfach coirp, feachtas a chuirfidh in iúl do mhná óga, gur cuma cén cruth iad, gur cuma cén inscne iad ná cén dath craicinn atá orthu gur chóir go nglacfar le gach cineáil corp.
Beidh torthaí a haistir léirsteanaigh, ionraic agus ó am go ham beagánín míchompordach fiú agus í ag déanamh iarracht gnéithe thaithí na mban a thabhairt chun solais, go háirithe taithí ban óg na hÉireann faoi láthair.
Sula dtosóidh Síomha ar a haistear, roinnfidh sí a taithí féin maidir le postálacha a chuir sí in airde ar na meáin shóisialta. Mar shampla, tá drogall uirthi anois aon ní a chur in airde ar líne arís mar go bhfuair sí roinnt freagraí míchuí nuair a phostáil sí nach raibh sí chun a clúmh ascaille a bhearradh a thuilleadh.
Agus mar thoradh air seo bhí déistin aici do rud an-nádúrtha, rud a bhain léi féin. Chun tuiscint a fháil ar cé chomh luath a thosaíonn cailíní óga ag smaoineamh ar fhéiníomhá labhraíonn Síomha leis an síceolaí cliniciúil an Dr. Cáit Verling nuair a thugann siad cuairt ar ghrúpa cailíní i rang a 4 atá ag spraoi le meascán éagsúil bábóg i Scoil Gharbháin i nDún Garbhán, Contae Phort Láirge.
Cuirtear ionadh ar Shíomha nuair a chloiseann sí go dtosaíonn cailíní ag smaoineamh ar fhéiníomhá nuair atá siad 3 agus 4 bliana d’aois agus ba mhaith léi fáil amach céard is féidir a dhéanamh chun féiníomhá dhearfach a chinntiú i measc cailíní óga.
Socraíonn Síomha freastal ar cheardlann chumhachtach chun fáil amach an chúis a mbíonn na mothúcháin dhiúltacha seo maidir le féiníomhá ag mná agus chun fáil amach cén chaoi gur féidir an scéal a fheabhsú.
Is í Jenny Ní Ruiséil teagascóir na ceardlainne agus in éindí léi tá grúpa ban ó cheann ceann na tíre le cur agus cúiteamh oscailte agus ionraic a bheith acu.
Labhraíonn Síomha go hoscailte faoina taithí phearsanta agus tuigeann sí go raibh cuid de na nósanna a thug sí faoi agus í óg an-chontúirteach, ar nós srian a chur leis an méid a d'itheadh sí. Chun tuilleadh tuiscint a fháil air seo labhraíonn Síomha le Jacinta Hastings ó Bodywhys, eagraíocht neamhoird itheacháin na hÉireann chun na treochtaí scanrúla atá feicthe acusan le cúpla bliain anuas a phlé. Casann sí le Mollaí Nic Eochaidh ó Dhún Garbháin, bean óg a d'fhulaing lena féiníomhá sna déaga agus labhraíonn sí faoin tionchar a bhí ag neamhord itheacháin ar a saol le cúpla bliain anuas. Mar thoradh air seo tuigeann Síomha go mbíonn tionchar mór ag na teachtaireachtaí beaga uaireanta.
Agus í sa tóir ar eolas, feiceann Síomha go bhfuil tionchar dearfach ag mná sa spóirt ar mhná óga na tíre seo. Buaileann sí leis an dornálaí Christina Desmond maidir lena taithí le féiníomhá agus an cur chuige atá aici chun caidreamh folláin a chinntiú lena corp agus í i mbun traenála agus ag déanamh iarracht meáchan a chailleadh do chomórtais atá amach roimpi.
Tugann aistear Shíomha níos gaire do bhaile í, áit a labhraíonn sí lena deirfiúr óg faoina taithí le féiníomhá, comhrá a chuireann iontas agus brón ar na deirfiúracha. Tuigtear do Shíomha go bhfuil ceist na féiníomhá thar a bheith lárnach sa saol ach nach labhraítear faoi, fiú leis na daoine is ansa linn. Ach bean amháin atá ag iarraidh é sin a athrú ná an scríbhneoir agus podchraoltóir Louise McSharry. Labhraíonn Louise faoina diagnóis ailse agus mar thoradh air sin thosaigh sí ag tabhairt ómós dá corp, thuig sí gur chóir smaoineamh ar céard is féidir le do chorp a dhéanamh duit seachas cén chaoi a mbreathnaíonn do chorp.
Sa chlár roinneann Síomha a mothúcháin faoi bheith tríocha bliain d'aois agus na hathraithe a thagann le bheith ag dul in aois go ginearálta. Ba mhaith léi glacadh leis na hathruithe seo gan stró ach tá sé deacair nuair a fheiceann sí a cairde agus daoine i mbéal an phobail ag dul faoin scian nó ag roghnú cóireálacha cosmaideacha.
Socraíonn Síomha í féin a chur ar an eolas faoi chóireálacha cosmaideacha agus na roghanna éagsúla atá ann agus mar sin téann sí chuig Eden Clinic chun labhairt leis an gcliniceoir cáilithe, an Dr. Meabh Ní Bhriain.
Tar éis di labhairt le daoine spreagúla ar a haistear agus comhairle a ghlacadh ón Dr. Cáit Verling faoi cén chaoi ar féidir léi a féiníomhá a fheabhsú ba mhaith le Síomha fáil amach cén dearcadh atá ag déaga an lae inniu ar fhéiníomhá agus mar sin tugann sí cuairt ar an meánscoil a d'fhreastal sí féin uirthi, Coláiste Cois Life, chun labhairt le grúpa scoláirí. Cuireann aibíocht na scoláirí a labhraíonn sí leo ionadh ar Shíomha agus aontaíonn sí leis an méid a bhí le rá acu faoi thionchar dearfach na meán sóisialta agus an chaoi gur féidir leis an éagsúlacht a chur chun cinn. Agus cé go bhfuil éagsúlacht agus cuimsiú i bhfad chun tosaigh sa tír seo ó d'fhreastal Síomha ar scoil, ba mhaith léi fáil amach cén chaoi a raibh sé do dhuine nach bhfaca aon duine cosúil leo sna híomhánna a bhí mórthimpeall orthu le linn an ama sin.
Chun tuilleadh eolas a fháil air seo buaileann Síomha leis an bhfeachtasóir, scríbhneoir agus craoltóir Emer O'Neill i mBré Contae Chill Mhantáin. Is múinteoir corpoideachas í Emer chomh maith agus chuir sí sraith chumhachtach 'Keep it up' i láthair roinnt blianta ó shin a léirigh an tábhacht a bhain leis an spórt do chailíní óga.
Ar an aistear seo tá an teachtaireacht thar a bheith soiléir do Shíomha - tá spórt lárnach chun deacrachtaí féiníomhá a réiteach. Ach tá a fhios aici nach bhfuil an t-aistear seo críochnaithe aici go fóill agus b'fhéidir nach mbeidh go brách. Theastaigh uaithi fiosrú an bhfuil sé indéanta caidreamh dearfach, folláin a bheith agat le do chorp in ainneoin na dtuairimí agus tráchtaireachtaí. Is obair dhian ón gcroí atá i gceist chun é seo a dhéanamh ach is obair fhiúntach í di féin agus do na cailíní atá le teacht ina diaidh. Tyrone Productions a rinné an chlár seo dó TG4.
Craolfar Síomha: Idir Anam is Corp ar TG4 ag 9:30pm Dé Céadaoin, Bealtaine 3, 2023.