Cén éifeacht atá ag aimsir níos fuaire ar do chraiceann?

File photoplaceholder image
File photo

Tá aimsir an Fhómhair ag tarraingt orainn agus is ceart smaoineamh ar an dóigh le haire cheart a thabhairt do do chraiceann. Deir na saineolaí gur cheart an córas a n-úsáideann muid lenár gcraiceann a athrú de réir na seasúir agus tá ciall leis an oiread sin.

Ní gá cuid mhór airgid a chaitheamh ar do chraiceann ach an oiread. Is iomaí sin rud atá sa chófra a dhéanfaí gnóithe maith de d'aghaidh agus do do chorp. Is fiú go mór taighde a dhéanamh faoin chéist seo. 

Uisce

D'ól muid go leor uisce i rith an tsamhraidh nuair a bhí na laethanta níos teo ach is ceart duinn coinneál ag gabhail leis an nós seo. Ól go leor uisce nó gan amhras ar bith tá an tuisce iontach maith don chorp agus don chraiceann. 

Do chraiceann a scamhadh

Go minic faigheann na cealla i do chraiceann bás, mar sin tá sé rí-thábhachtach do chraiceann a scamhadh. Tá go leor le ceannacht sna siopaí leis seo a dhéanamh ach is féidir amharc sa chófra sa chistineach le rud inteacht níos saoire a chur ar fáil duit féin. Tá min choirce go maith leis an chraiceann a scamhadh. Is féidir mil agus tuirmiric a úsáid chomh maith má tá óla i do chraiceann. Tá sé deas bainne a úsáid sa mheascán nó tá sé níos boige ar do chraiceann.

Glanadh

Tá sé iontach tábhachtach go ndéanann tú do chraiceann a ghlanadh. Tá go leor dóigheanna le seo a dhéanamh ach caithfear a bheith níos curamaigh nuair a éiríonn an aimsir níos fuaire nó thíge le huisce agus sópa do chraiceann a fhagáil tirim. Is féidir bainne, íogart agus min choirce a úsáid. Ba chóir uisce nó bainne a úsáid leis an min choirce sa dóigh agus nach bhfuil sé garbh ar do chraiceann. Is fiú mil a chur leis an min choirce, bainne le masc a dhéanamh duit chomh maith.

Maothóir

Tá síor-ghá le maothóir a chur ar do chraiceann le linn an Fhómhair. Déan cinnte go bhfuil fhios agat féin cén ceann is fearr a fhoireann do do chraiceann. 

Griansciath

Cé nach bhfuil an ghrian ag spálpadh ón spéir is fiú duit griansciath a úsáid cé acu go bhfeiceann tú an ghrian nó nach bhfeiceann agus anuas ar sin is fiú é a chur ar do mhuineál agus dó chuid lámha chomh maith. 

Éadaí 

Cé nach mbionn éadach a chaitheamh agat ar do aghaidh is fiú bairéad speiceach a chaitheamh leis an ghrian a choinneál amach uadh d'aghaidh. Chomh maith leis sin déan cinnte go bhfuil scairf thárt timpeall do mhuineál leis an ghrian a choinneál uadh.

Cithfholcadh

Cé gur mhian linn uilig tamall fada a chaitheamh istigh sa chith san aimsir fhuar, bí faicheallach, níor mhaith leat an t-óla uilig a ghlanadh as do chraiceann nó é a thriomadh amach. Déan cinnte agus maothóir a chur ort díreach nuair a thagann tú amach as.

Is fiú plean a leagaint amach do do chraiceann agus muid ag tarraingt ar an Fhómhair. Ní gá do a bheith costasach ach an oiread. Níl sna pointí thuas ach roinnt leideanna, tá craiceann gach duine iontach difrúil, mar sin labhair leo seo gur bhfiú leat a dtuarim agus lean ort uadh sin. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice