Cén dóigh le hairgid a shábháil sa bhliain úr?
Is iomaí sin duine a bheas pócaí folamha orthu i ndiaidh na Nollag mar sin is fiú smaointiú ar tús a chur le sábháil airgead, go luath.
Déanann go leor daoine liostaí amach ag an am seo don bhliain le spriocanna úra a bhaint amach sa bhliain atá romhainn - mar sin is fiú cúrsaí airgid a bheith ar bharr do liosta.
Cén dóigh is fearr le hairgid a shábhail, mar sin?
Molann MABS de dhaoine atá ag sábháil smaointiú cé acu bhfuil siad ábalta cur leis an líon atáthar ag sábháil. Is fiú spriocanna beaga a leagaint amach duit féin.
Iarrtar ar dhaoine gearradh siar ar rudaí nach bhfuil síorghá leo agus athmhachnamh a dhéanamh ar cáide go díreach atáthar ag caitheamh airgead ar.
Moltar duit smaointiú ar cá háit atá tú ag sábháil do chuid airgead - bhfuil áiteanna eile ann a d'fhéadfadh borradh a dhéanamh ar do chuid airgead?
Moltar duit i gcónaí súil a choinneál ar do chuid airgid agus cáide mar atá tú a chaitheamh - déan dialann a choinneál nó má tá tú ábalta déan cuntas amach ar an méid atá ag teacht isteach agus ag dul amach.
Seiceáil rudaí ar nós cursaí aracháis/ballraíocht - bhfuil tú ábalta cinn níos fearr a fhail ar chostas níos ísle ait inteacht eile?
Gearr siar ar rudaí nach bhfuil tú ag baint úsáide as agus déan idirdhealú idir cáide atá de dhith ort agus rudaí atá tú ag iarraidh.